24-04-2025
Seachtain: Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What's hitting the headlines this week?
Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo.
Maidin Dé Luain, bhris an scéal go raibh an Pápa Proinsias imithe ar shlí na fírinne.
Seo ina dhiaidh dó beannachtaí na Cásca a thabhairt don slua i gCearnóg Naomh Peadar an lá roimhe.
Tá an scéal clúdaithe ag an nuachtán Seachtain, atá mar chuid den Irish Independent gach Céadaoin.
I measc na scéalta eile atá san áireamh sa nuachtán, tá an tine a scrios séipéal sna Doire Beaga, Gaoth Dobhair, agus an feachtas ar son struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú.
Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: • Ar shlí na fírinne: Departed or passed away • I lár an aonaigh: In the spotlight • Tórramh: Funeral • Agóidíocht: Protesting • Béim: Emphasis • Mí-úsáid: Abuse • Íospartaigh: Victims • Árasán: Apartment • Mianta: Desires