2 days ago
TV: Sábháil an domhan le Holt
Tá triúr déagóir ó phláinéad Éire, tar éis teacht slán as longbhriseadh ar phláinéad chontúirteach agus tá orthu an chruinne a shábháil ón Dúchan má tá siad ag iarraidh filleadh abhaile arís.
Three mismatched teens from Planet Éire, shipwrecked on a dangerous world, must help save the universe from the Blight if they're ever to return home. OK, we're hooked already on HOLT!
Holt - a sruthú anois ar RTÉ Player anseo!
An Scéal
Ar a mbealach abhaile ó thuras scoile idir-réaltrach, tá Roo, Cré agus Mata, triúr déagóir ón bpláinéad Éire gan aithne acu ar a chéile,buailte le bíog leictreach atá ag taisteal tríd na cruinne. Tagann siad slán as longbhriseadh ar phláinéad ársa an phríosúin atá i bhfolach i gcrios dhearg na cruinne.
Fomóire - áit atá lán le harrachtaí dáinséaracha, draíocht agus rúin. Is anseo ar Fomóire a bhuaileann siad le Jeannie - priosma frithchaiteach draíochtach agus nuair a thugann sí faoi deara go bhfuil na déagóirí imithe amú agus scanraithe, tugann sí cúnamh dóibh dul i bhfolach ar na hollphéisteanna atá ag crochadh thart. Tugann Jeannie an chumhacht dóibh oibriú le chéile agus iad féin a mhúnlú mar aon ionad amhá HOLT.
Sár-dhuine atá lán le cumhacht agus eolas óna dtuismitheoirí agus a sinsearacha ar phláinéad Éire. Tá Holt in ann ionsaithe a dhéanamh ar arrachtaí ach díreach ar feadh tamaillín beag ag an am. Cloiseann Roo, Cré agus Mata go bhfuil an chruinne i gcontúirt ag an dream olc, An Dúchan.Tá ar na déagóirí ní amháin pláinéad Fomóire a chosaint ach tacaíocht a fháil uaidh dhaoine chun troid in aghaidh airm Dúchain má tá siad chun filleadh ar ais abhaile go hÉirinn.