14-05-2025
Tilí an Tíogar agus an Phicil Dhraíochta
Seachtain ó shin cuireadh Tilí sa zú. Nuair a shiúil sí isteach chonaic sí picil dhraíochta. Thriáil sí an phicil a ithe. Ansin, dúirt an phicil, 'Ná hith mé! Tá mé in ann cabhrú leat éalú as an áit seo! Sea, is picil mé ach tá mé fós in ann tú a thógáil amach as seo.'
Dúirt Tilí, 'Cad atá anseo duitse?'
'Má úsáideann mé mo dhraíocht, beidh mé níos saibhre,' arsa an phicil dhraíochta. 'Ansin, ceannóidh duine éigin mé. Tar éis dom dul taobh amuigh, beidh mé in ann tú a bhriseadh amach.'
Deireann Tilí, 'Cad é d'ainm?'
READ MORE
An léiriú le rang 4B, Gaelscoil Shliabh Rua, Baile Átha Cliath
'Dill Picil is ainm dom,' arsa an phicil dhraíochta.
Ansin, piocann duine éigin suas Dill Picil agus siúlann sé.
Ansin, thit an duine a thóg Dill Picil ar an urlár. Cheap Dill Picil go raibh sé saor ach ansin, phioc buachaill ramhar suas é.
Bhí scanradh ollmhór ar Dill Picil. Ní raibh a fhios aige céard le déanamh. Ach ansin, d'ith an buachaill Dill Picil. Ach d'fhás corp Dill Picil ar ais. Thosaigh plandaí picil ag fás amach as an duine. Thit picilí den duine agus thosaigh siad ag rith. Léim Tilí ar cheann de na picilí. Scread Tilí, 'Cé thusa?! Céard atá ag tarlú.?!'
Soicind ina dhiaidh sin, d'athraigh Dill Picil isteach ina fhear le scian ina lámh agus deireann sé, 'Is mise an tromlaí is measa a bhí agat riamh..!'