16 hours ago
'Bím i gcónaí ag iarraidh teorainneacha a bhrú' Róis
Labhair muid leis an amhránaí RÓIS faoina saothar cruthaitheach agus a cuid pleananna don todhchaí
Many of us know you best for the powerful, award-winning, Caoine. How did you come upon the tradition of lament?
Ba ar DDR (Dublin Digital Radio) a chuala mé an taifead sin d'Áine Uí Laoi ag déanamh an caoineadh den chéad uair agus táim chomh buíoch sin gur tháinig mé air... Ar an drochuair, is traidisiún é an caoineadh nach gcleachtar níos mó. Tá suim ollmhór agam i bhfuaimeanna agus i stíleanna nua ceoil. I dtaca leis an cheol a dhéanaim féin de, bím i gcónaí ag iarraidh teorainneacha a bhrú, nósanna a bhriseadh agus rudaí úra a thriail. Rud amháin a thaitin go mór liom agus mé ag foghlaim faoi na mná caointe, nó an nós a bhí acu sa sean-am suí in aice leis an chónra agus iad ag dul don chaoineadh. Creidim gur bealach a bhí ann don phobal déileáil leis an bhás agus leis an bhrón.
Tá go leor daoine ag tiontú i dtreo na Gaeilge agus ag smaoineamh faoin gcultúr atá fréamhaithe sa tír seo le tamall anuas. Cé/cad a spreag do spéis san amhránaíocht i nGaeilge? // Many people have been turning to the Irish language and thinking about the culture that is rooted in this country for some time now. Who/what sparked your interest in singing in Irish?
Ó mo chairde is mó a fuair mé an spreagadh. Tá cairde agam a dhéanann cumarsáid liom i nGaeilge agus mhothaigh mé riamh gur mhaith liom iarracht a dhéanamh ár dteanga a fhoghlaim.
Tá do chuid ceoil lán le brí agus anam. An bhfaigheann tú faoiseamh ó bhuairimh an tsaoil tríd an gceol? Your music is full of soul and meaning, do you get a respite from the worries of life through music?
Go cinnte. Cuidíonn an ceol liom mo chuid mothúcháin a chur in iúl. Tógann an ceol in airde mé go riocht ardaithe, áit a mbím in ann mo chuid mothúcháin a phróiseáil, bíodh siad lúcháireach nó brónach. Slí atá ann chun féachaint taobh istigh duit féin agus comhbhá a bheith agat do thrioblóidí daoine eile.
Cá bhfeiceann tú do chuid ceoil i dtimpeallacht an cheoil in Éirinn atá faoi bhláth i láthair na huaire? // Where do you see your music in the currently thriving music scene in Ireland? (Answer in Irish) 4. Hmm... áit éigin idir Richie Kavanagh, traid-phorn agus amhráin glóracha catairseacha an ghrá!
What else have you planned for the remainder of the year? Where can we see you next?
I have written another piece of work along with Crash Ensemble and my love, Harry Hennessy. We've written a conceptual piece about the degradation of rural Ireland, taking inspiration from John Healy's 1967 book No One Shouted Stop. This will be at "Sounds from a Safe Harbour" in Cork and hopefully more. Doing more Irish Wake Tour gigs across the sea and one grand finale of The Irish Wake Tour in The Button Factory 18th November.
I'm also really excited to be part of the Seán Corcoran Series in Drogheda in early September. I'll be undertaking a concert and residency there along with great friends of mine Muireann Ní Shé and Macdara Yeates. I'm looking forward to getting to know the local lore and stories and incorporating my findings into a piece of work. I think it's important to highlight the richness of Ireland and this local Louth community in particular, with its stories and people.