Latest news with #bhFleadh


RTÉ News
07-08-2025
- Entertainment
- RTÉ News
Comórtais agus cairdeas: RnaG ag Fleadh Cheoil na hÉireann
Labhair muid le Neansaí Ní Choistealbha, craoltóir agus ceoltóir atá ag cur Ríl ón Ródaí Déardaoin-Dé Sathairn 3-5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Fhleadh Cheoil na hÉireann. Dóibh siúd nach raibh ag an bhFleadh roimhe, an mbeifeá in ann é a mhíniú dóibh? Is ócáid mhór do ceoltóirí traidisiúnta na tíre é Fleadh Ceoil na hÉireann. Dóibh siúd a ghlacann páirt I gcomórtais, seo é an buaicphointe ó thaobh gradaim a bhaint amach. Is ócáid é le castáil le cairde ceolmhara agus éisteacht le togha agus rogha na cheoltóirí. Taobh amuigh de na comórtais bíonn neart ar siúl ar na sráideanna agus ar na hardáin éagsúla ar fud an bhaile. Is ócáid é a mbaineann gach aois grúpa taithneamh as. Tá cáil ar RnaG mar spás ina gceiliúrtar an ceol traidisiúnta agus feiceann muid an ceol traidisiúnta ag athrú de shíor. An léiríonn an Fleadh na hathruithe sin? Tagann athraithe I gcónaí agus bíonn daoine i gcónaí ag baint trial as rudaí nua agus is amhlaigh de sa gceol traidisiúnta freisin. Feictear go leor de sin thimpeall na háite agus an fleadh ar siúl ach i gcónaí tá béim ar an bhfíor cheol traidisiúnta sna comórtais. Tá béim faoi leith againn in RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gceol traidisiúnta agus déanann mé fhéin iarracht i gcónaí ardán a thabhairt do na ceoltóirí óga atá ag teacht chun cinn agus tá mé fíor bhródúil as ceoltóirí a chas a gcéad ceoil go poiblí ar Cheol Binn ó na Beanna agus atá cáiliúil ar fud an domhain anois. An bhfuil rian nó amhrán amháin a thaitníonn níos mó leat ná cinn eile agus cén fáth? Is maith liom go leor amhráin & rianta ceoil agus ní bheinn in ann aon cheann faoi leith a ainmniú ach is breá liom Lucy Campbell & Bocanaí Oráin Mhóir agus is breá liom na hamhráin sean-nóis "Amhrán Mhaínse" & "Dónal Óg". Mar cheoltóir, an bhfaigeann tusa deis suí síos ag seisiún ceoil ag an bhFleadh? Faraor is beag ama a bhíonn agam chun suí síos ag seisiún ceoil le linn a bheith ag obair ag an bhFleadh ach amanta bíonn deis agam cúpla port a chasadh nuair a bhíonn an lá oibre thart!


RTÉ News
07-08-2025
- Entertainment
- RTÉ News
Comhluadar an Cheoil: Fleadh ar TG4
Ó Déardaoin an 7 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa, craolfar clúdach beo fairsing ar TG4 ar an teilifís, ar líne agus ar na hardáin shóisialta @TG4TV and @TradTG4 chun an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain a nascadh le croílár Fhleadh na bliana seo. Gach oíche ag 9:30pm, cuirfear beocht i mBaile Fleadh TV TG4 le plúr na gceoltóirí agus amhránaithe as Éirinn, taibheoirí idirnáisiúnta agus léirithe ó bhuaiteoirí is déanaí na gcomórtas á gcraoladh beo ar na cheithre stáitse don lucht féachana ar fud an domhain. Beidh 92 taibheoir as Éirinn agus ar fud an domhain le feiceáil mar chuid den chraoladh teilifíse, ina measc taibheoirí as Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Ceanada, Dubai, an Iodáil, Albain, an Úcráin agus go leor áiteanna eile. Is iad Peadar Ó Goill, Doireann Ní Ghlacáin & Aoife Ní Thuairisg láithreoirí daoine ar fud an domhain ábalta teacht ar an gclár freisin mar go mbeidh sé ag sruthú go domhanda ar Idir chomórtais bheo, stáitsí bríomhara agus seónna teaghlaigh Cúla4, tiocfaidh an Fhleadh chun beatha don lucht féachana ar fad ar fud na n-ardán éagsúil. Scoth na gCeoltóirí ar Stáitse thar Ceithre Oíche ag an bhFleadh Buaicphointí Déardaoin an 7 Lúnasa Seán Keane - Kíla le Prás - Paddy Keenan - Dermot Byrne - Séamus & Caoimhe Ní Fhlatharta – Tim Edey - Léda - Matt Cunningham Band - The Byrne Brothers ... agus neart eile. Buaicphointí Dé hAoine an 8 Lúnasa Iarla Ó Lionáird – The Rising - The Kabin Crew - Beartla Ó Flatharta Céilí Band - Megan Nic Fhionnghaile & Marty Barry - Cry Before Dawn – The Pride Céilí Band ... agus neart eile. Buaicphointí Dé Sathairn an 9 Lúnasa Maighread & Tríona Ní Dhomhnaill - JigJam - Rum Ragged - Alannah Thornburgh - Gearóid McCarthy - Damien Mullane Band - Yershovy Sisters – Sult ... agus neart eile. Altan - Máirtín O'Connor Band - Caoimhín Ó Raghallaigh & Mick O'Brien - The Rowsome Quartet – Cailíní Lua - Mike Hanrahan ... agus neart eile.