
An Chailleach Mhata agus Domhan Draíochta na gCruthanna
Lá amháin bhí cailleach ann i
nDomhan Draíochta na gCruthanna
agus bhí fuath aici don mhata.
Caoimhe an t-ainm a bhí uirthi. Bhí
craiceann ghlas aici. Nuair a bhí sí
óg, bhí sí go dona ag an mata agus
bhí uirthi fanacht ar an bplainéad
uafásach seo. Bhí boladh uafásach
i ngach áit ach, bhí cuid amháin den
phlainéad a bhí go deas. Ní raibh a
fhios ag aon duine go raibh an leath
deas eile ann agus sin an fáth go
raibh gach duine ag iarraidh an áit a
fhágáil.
Bhí sí ina cónaí i gcaisleán ina
haonar agus bhí uaigneas uirthi. Bhí
a caisleán déanta as cruthanna 3T
neamhrialta. Bhí na cruthanna
difriúil mar gheall go raibh Caoimhe
í féin difriúil. Bhí sí ag iarraidh
daoine eile a thabhairt chuig an
gcaisleán mar go raibh sí chomh
huaigneach.
Dúirt Caoimhe gur scoil spraíúil a
bhí sa gcaisleán agus thosaigh
daoine ag teacht. Ach i ndáiríre,
scoil mhata a bhí inti. Cheap sí go
raibh gach duine go dona ag mata.
Chaith daoine 15 ceist a fháil i
gceart chun an caisleán a fhágáil,
mar sin, chum sí ceisteanna a bhí
an-an-deacair ionas nach mbeadh
daoine in ann fágáil go deo…
Hashtags

Try Our AI Features
Explore what Daily8 AI can do for you:
Comments
No comments yet...
Related Articles


Irish Times
14-05-2025
- Irish Times
Tilí an Tíogar agus an Phicil Dhraíochta
Seachtain ó shin cuireadh Tilí sa zú. Nuair a shiúil sí isteach chonaic sí picil dhraíochta. Thriáil sí an phicil a ithe. Ansin, dúirt an phicil, 'Ná hith mé! Tá mé in ann cabhrú leat éalú as an áit seo! Sea, is picil mé ach tá mé fós in ann tú a thógáil amach as seo.' Dúirt Tilí, 'Cad atá anseo duitse?' 'Má úsáideann mé mo dhraíocht, beidh mé níos saibhre,' arsa an phicil dhraíochta. 'Ansin, ceannóidh duine éigin mé. Tar éis dom dul taobh amuigh, beidh mé in ann tú a bhriseadh amach.' Deireann Tilí, 'Cad é d'ainm?' READ MORE An léiriú le rang 4B, Gaelscoil Shliabh Rua, Baile Átha Cliath 'Dill Picil is ainm dom,' arsa an phicil dhraíochta. Ansin, piocann duine éigin suas Dill Picil agus siúlann sé. Ansin, thit an duine a thóg Dill Picil ar an urlár. Cheap Dill Picil go raibh sé saor ach ansin, phioc buachaill ramhar suas é. Bhí scanradh ollmhór ar Dill Picil. Ní raibh a fhios aige céard le déanamh. Ach ansin, d'ith an buachaill Dill Picil. Ach d'fhás corp Dill Picil ar ais. Thosaigh plandaí picil ag fás amach as an duine. Thit picilí den duine agus thosaigh siad ag rith. Léim Tilí ar cheann de na picilí. Scread Tilí, 'Cé thusa?! Céard atá ag tarlú.?!' Soicind ina dhiaidh sin, d'athraigh Dill Picil isteach ina fhear le scian ina lámh agus deireann sé, 'Is mise an tromlaí is measa a bhí agat riamh..!'


Irish Times
14-05-2025
- Irish Times
1,2,Spraoi: Togra nua a cheanglaíonn an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an mata
Is togra ceannródaíoch é an togra 1, 2 Spraoi!, atá ag iarraidh oideachas matamaitice a thabhairt isteach sa 21ú haois, tríd an scéalaíocht chruthaitheach. Is iarracht chomhoibrithe atá sa togra seo idir an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), an Dr. Lorraine Harbison – Ollamh Comhlach san Oideachas Matamaitice ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ball de chuid CASTeL – agus foireann Fighting Words. Is iad aidhmeanna an togra ná matamaitic a chomhtháthú le scéalaíocht Gaeilge, timpeallacht dhearfach a chruthú ina bhfoghlaimíonn daltaí coincheapa lárnacha an mhata, agus go mbeadh deis acu a scileanna teanga agus cruthaitheachta a fheabhsú. Cuireadh tús leis an togra i nGaelscoil Bhaile Munna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2024 agus bhí Scoil Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn, Co. na Mí agus Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Conamara, páirteach sa togra píolótach seo freisin. Mar gheall ar an aiseolas dearfach ó na múinteoirí agus ó na gasúir sna scoileanna sin, leathnaíodh an togra i mbliana chun Gaelscoil Bharra i mBaile Átha Claith, Scoil Bhreandáin ar an Eachléim i Maigh Eo agus Scoil na Maighdine Muire i gCamus, Conamara, a chur san áireamh. Chun a saothar féin a spreagadh agus tuiscint a thabhairt dóibh ar an seánra scéalta matamaitice, cuireadh trí scéal agus ábhar tacaíochta ar fáil do na múinteoirí agus do na páistí: 'Réiteach na Rósanna', ina bhfuil patrún uimhreacha le haithint chun breith ar an ngadaí, 'Tic Toc Crog', scéal ina gcabhraíonn na carachtair 'Digit Each' agus 'Ana Logach' leis an gcrogall an nasc idir an clog 12 uair agus an clog 24 uair a thuiscint, agus 'Cad é an Seans?' ina ndírítear ar an dóchúlacht chun fáil amach cé a aimseoidh an taisce ar dtús. Tá na scéalta seo agus an t-ábhar tacaíochta ar fáil do chách ag Ag eascairt as na scéalta seo agus na ceardlanna scríbhneoireachta a chur Fighting Words ar fáil do na daltaí, scríobh siad a gcuid scéalta mata féin a foilsíodh i mbailiúchán darb ainm 1, 2, Spraoi! Thug sé seo deis do na daltaí an mata a nascadh leis na spéiseanna agus na suimeanna a bhí acu féin. Chabhraigh sé leo an ról lárnach atá ag an mata ina saol laethúil a thuiscint. Seoladh an leabhar seo ar champus Naomh Phadraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus rinneadh ceiliúradh ar inniúlacht agus ar cruthaitheacht na ndaltaí. READ MORE Tacaíonn cur chuige 1, 2 Spraoi! leis an mbéim atá sa churaclam Matamaitice athfhorbartha, Curaclam Matamaitice na Bunscoile, ar oideolaíocht spraíúil agus cleathais ar nós comhrá mata agus tascanna dúshlánacha cognaíocha. Is áis iontach measúnuithe iad na scéalta freisin. Nuair a dhéantar anailís orthu, tugtar léargas luachmhar ar thuiscint choincheapúil na ndaltaí agus is féidir an t-eolas seo a úsáid chun múineadh agus foghlaim a phleanáil. Beidh an dara cnuasach scéalta mata nuachumtha á fhoilsiú an mhí seo.


Irish Times
14-05-2025
- Irish Times
An Chailleach Mhata agus Domhan Draíochta na gCruthanna
Lá amháin bhí cailleach ann i nDomhan Draíochta na gCruthanna agus bhí fuath aici don mhata. Caoimhe an t-ainm a bhí uirthi. Bhí craiceann ghlas aici. Nuair a bhí sí óg, bhí sí go dona ag an mata agus bhí uirthi fanacht ar an bplainéad uafásach seo. Bhí boladh uafásach i ngach áit ach, bhí cuid amháin den phlainéad a bhí go deas. Ní raibh a fhios ag aon duine go raibh an leath deas eile ann agus sin an fáth go raibh gach duine ag iarraidh an áit a fhágáil. Bhí sí ina cónaí i gcaisleán ina haonar agus bhí uaigneas uirthi. Bhí a caisleán déanta as cruthanna 3T neamhrialta. Bhí na cruthanna difriúil mar gheall go raibh Caoimhe í féin difriúil. Bhí sí ag iarraidh daoine eile a thabhairt chuig an gcaisleán mar go raibh sí chomh huaigneach. Dúirt Caoimhe gur scoil spraíúil a bhí sa gcaisleán agus thosaigh daoine ag teacht. Ach i ndáiríre, scoil mhata a bhí inti. Cheap sí go raibh gach duine go dona ag mata. Chaith daoine 15 ceist a fháil i gceart chun an caisleán a fhágáil, mar sin, chum sí ceisteanna a bhí an-an-deacair ionas nach mbeadh daoine in ann fágáil go deo…