logo
#

Latest news with #Éire

An cóngar chun na gaoise
An cóngar chun na gaoise

Irish Times

time4 days ago

  • Science
  • Irish Times

An cóngar chun na gaoise

Is eol dúinn déagóirí a n-éiríonn leo claí muice duibhe na hArdteistiméireachta a chur díobh agus iad meáite dul ar an ollscoil, ach nach bhfuil cinnte in aon chor cad a dhéanfaidh siad ann. Níl siad ar an mbuíon ámharach sin gur theastaigh uathu a bheith ina ndochtúirí ó bhí an bhruitíneach orthu agus iad ina leanaí, nó ina gcuntasóirí toisc go raibh siad go maith ag an abacas tráth. Níl an fhoighne acu stracadh leis an litríocht mar bheadh orthu leabhar a léamh, agus chuirfeadh sin isteach ar am an scáileáin. Ina choinne sin, áfach, tá fonn orthu an cóngar chun na gaoise a ghlacadh, agus cá fearr áit ab fhéidir sin a dhéanamh ná staidéar a dhéanamh ar an tsíceolaíocht? Tar éis an tsaoil tá maíte ar an tsíceolaíocht go nochtann sé a bhfuil istigh san intinn dúinn, cé nach gá don mhac léinn sceanóg a cheannach don chúrsa. Is gairid go bhfaightear amach, áfach, gur mhó an spéis atá ag síceolaithe sna lucha ag rith timpeall agus sna madraí a dtagann sileadh súlach lena mbéal nuair a bhuailtear clog ná sa duine féin. Fairis sin, cloiseann siad faoi údair le hainmneacha aisteacha ar nós Fraud agus Junk and Addler a chuireann breis mearbhaill orthu. An chuid is uaillmhianaí de na daoine sin a thréigeann an tsíceolaíocht toisc nach bhfuil dúil chollaí acu ina máithreacha nó nach bhfuil siad ag iarraidh a n-aithreacha a mharú agus go dtuigtear dóibh nach bhfuil sa téarmaíocht ar fad ach diagacht thirim a fágadh rófhada faoin ngrian, taibhsítear dóibh dul le fealsúnacht. Ar a laghad ar bith is eol go raibh saol suimiúil ag cuid acu, murab ionann agus Fraud a chaith a shaol ag léamh putóga an ama agus nach bhfaca na Naitsithe ag teacht lasmuigh dá dhoras féin. Tar éis an tsaoil, daoradh Sócraitéas chun báis agus léim Nietzsche amach as fuinneog chun tarrthála ar chapall a bhí á lascadh ag úinéir gránna. Fuair Diogenes bás toisc gur ith sé ochtapas amh, chaith Empoidicléas é féin isteach sa bholcán ar Chnoc Etna, agus Godel féin, an fear a chuir an mhatamaitic bunoscionn lenár linn, dhiúltaigh sé pioc a ithe toisc gur shíl sé go raibh daoine ag iarraidh nimh a chur ina chuid bia agus d'éag den ocras. Ní foláir nó bheadh i bhfad níos mó gaoise le fáil i measc chomplacht na bhfealsamh. READ MORE Dá dtógfaí an Gearmánach Gottfried Leibniz mar shampla, ba dhícheall duit duine níos meabhraí ná é a fháil de shiúl foraoiseacha an léinn. Cheap sé innill áirimh agus calcalas i leataobh ó Isaac Newton. Fós féin d'áitigh sé gurb é an domhan seo an domhan is fearr a d'fhéadfadh a bheith ann. Ní áiteamh é a ngéillfí dó in Gaza ná in Darfur faoi láthair. Agaistín Naofa, fealsamh agus easpag, chreid sé gur chuaigh leanaí gan bhaisteadh go hIfreann síos. Bhí de charthanacht ann a ligean lena ais nach mbeadh an phian a d'fhulaingeoidís chomh pianúil le sciúrsáil an ghnáthpheacaigh bhoicht, ach fós féin… Shéan George Berkeley a mbíodh a ainm ar leabharlann i gColáiste na Tríonóide go dtí le déanaí, shéan sé go raibh damhna nó ábhar ann in aon chor. Bhí an uile ní san intinn, sa mheabhair laistigh. Chaith sé tamall i gCluain in oirthear Chorcaí, áit a bhfuil dealbh mhór de Christy Ring. Is beag duine a fuair poc sna heasnacha ó Christy a cheap gur san intinn amháin a tharla. Cá bhfaighfear gaois, mar sin? Cad mar gheall ar bheo-fhaire do chéadfaí féin i dtosach, do dhá shúil, do dhá chluais, an comhartha ceiste, an t-amhras síoraí, ainchreideamh foinsí agus léamh fada litríochta gan stiúir, gan léarscáil, gan treo?

Aistear an ealaíontóra
Aistear an ealaíontóra

Irish Times

time07-07-2025

  • Entertainment
  • Irish Times

Aistear an ealaíontóra

Foclóir: ildathach – multi-coloured; bástchóta - waistcoat; flúirse – plenty; mothúchán – feeling; glór inmheánach – internal voice; sólás – solace; suaimhneas – calm. Is ait liom leagan beag picteilíneach den amhránaí David Keenan a fheiceáil idir cnaipí an fhísghlaoigh. Tá rud éicint faoin amhránaí atá as alt leis an teicneolaíocht seo. Ach is léir go bhfuil sé ar a chompord ina chistin gheal ildathach agus bástchóta cniotáilte air. 'Táim sách insular,' a deir sé agus muid ag labhairt ar ghréasán ceoil na hÉireann. 'Táim i mo chónaí i gCill Cheannaigh, like! Ach táim an-bhródúil as an sruth Éireannach a ritheann tríd mo scríbhneoireacht.' Scríbhneoir a bhfuil flúirse ar a pheann is ea é. Tá trí albam, chomh maith le dornán singlí, leabhar filíochta, agus clár faisnéise taifeadta aige ó bhí 2020 ann. Chuir sé iontas orm, mar sin, gur bhraith sé go raibh srian air go dtí seo. 'Bhí mé dúnta síos ar bhealach. Ach tá fuinneamh nua san albam nua. Tá draíocht ag baint leis - draíocht sa gceol, mistéir sa gceol – tá sé difriúil an uair seo. Níl an brú céanna ann, an bhfuil a fhios agat?' Ní rún é gur iomaí brú a bhíonn ar ealaíontóirí an lae inniu – costas maireachtála, athruithe teicneolaíochta agus cumarsáide, gnéithe dá saol nach soláthraíonn struchtúr laethúil ná buanseasmhacht - ach is léir go raibh brú inmheánach ag luí air freisin. 'Bhí mé i m'fhear óg nuair a tháinig an chéad albam amach. Ní raibh a fhios agam conas a bheith socair ag an am sin. Bhí mé plúchta ag an mothúchán sin – that you might miss the boat! – go gcaithfidh tú gach rud a chur amach láithreach. 'Tá contúirt ann nuair a dhéanann tú gach rud i d'aonar – ag tour-áil, margaíocht, taifeadadh, gan bhainisteoir, gan léiritheoir – contúirt go mbeidh tú dóite amach. B'shin an riocht ina raibh mé.' I ndiaidh trí albam a thaifeadadh laistigh de thrí bliana, seo an tréimhse ab fhaide ar chaith sé gan ceann a thabhairt ar an saol, ó eisíodh Crude in 2022. 'I mo thuairim táim anseo chun ceol a dhéanamh, scríbhneoireacht a dhéanamh, ach thosaigh mé an t-albam seo trí bliana ó shin - trí bliana ag fás! Tá an chothromaíocht tábhachtach. Is duine mé a bhíonn obsessive, mar sin caithfidh mé a bheith cúramach . . .' Ní albam amháin atá idir lámha aige, ach clár faisnéise freisin. Leanann Focla ar Chanbhás tréimhse 500 lá dá shaol. Filleann an scannán ar a bhaile dúchais i nDún Dealgán, le stair agus miotaseolaíocht na háite a fhiosrú, chomh maith lena stair agus próiseas cruthaitheach féin. 'Mar a deirim sa scannán, bhí mé ag éalú ó mo chuid mothúchán, le deoch, le ceol, ó mhothúcháin a bhí ann ó bhí mé i mo pháiste. Bhí gach rud bunoscionn, fuair cara a bhí sa mbanna liom bás. Nuair a bhíonn na ceolchoirmeacha críochnaithe agus tú ar ais i seomra i d'aonar - tá sé contúirteach.' Ruaigeann sé leochaileacht an nóiméid seo le racht gáirí – 'tá sé ar fad ar an albam nua!' a deir sé, lámha san aer – 'ach no, tá an t-ádh orm na rudaí seo a chur síos ar albam.' Is léir go raibh tionchar ag próiseas taifeadta an scannáin ar a mheon maidir leis an albam úr seo a scríobh. 'Bhí sé crua in áiteanna, mar gheall ar an macántacht a bhí ann, bhí sé deacair ach bhí an t-ádh orm é a dhéanamh. Mothaím níos éadroime ina dhiaidh.' Ní foláir go bhfuil sé dian ar cheoltóir a ghlór a chailleadh, glór inmheánach go fiú. Céard a bhíonn ag teastáil leis an nglór sin a chothú an athuair? 'An leigheas atá sa gceol, agus na sound heads in aice liom. Caint faoin ngortú agus dorchadas. Bhí mé in ann é a chur in amhráin roimhe seo ach ní raibh mé in ann caint mar atáim anois. Bhí náire ann. Mar a deirim bhí sé crua, bhí sé deacair, ar feadh cúpla bliain, ach tá mé fós beo. Tá banna ceoil nua den scoth agam, tá an scannán ar siúl i mBéal Feirste an mhí seo, tá an t-ádh orm, big time.' Tá rómánsaíocht ag baint le stíl Keenan, a thagann leis an rómánsaíocht chultúrtha atá le feiceáil go forleathan le tamall anuas. Lasann rud éicint ann nuair a ardaím an cheist: 'tá teoiric agam faoi seo!' Leagtar cupán caife leis an splanc seo, ach leanann sé á míniú agus an bord á ghlanadh. 'Tá sé cosúil, má bhrathnaíonn tú siar, leis an réabhlóid tionsclaíochta sna 1800idí. Le AI anois, tá imní ar dhaoine. Tá muid ag dul ar ais mar sin ar 'the rise of the occult', ar seances agus ar an miotaseolaíocht, athbheochan na Gaeilge, agus an béaloideas.' Tá ceist na hinteachta saorga á hardú arís agus arís eile i gcomhráite faoin ealaín, ar ndóigh. Tá éiginnteacht maidir lena buntáistí agus go deimhin a baol cultúrtha. Ní mór an meas atá ag David ar an intleacht shaorga: 'caimiléireacht atá ann! Caith aon rud isteach i ChatGPT agus tá scéal agat. Tá muid ceangailte le traidisiúin: na baird, scéalaíocht, seanchas, mar sin AI? No. I'm not having it! Níl aon anam sa bpróiseas sin. Níl aon streachailt ann.' Luann sé go bhfuil aontais bunaithe ag aisteoirí agus scríbhneoirí, agus gur chóir do cheoltóirí amhlaidh a dhéanamh. 'Caithfidh muid rud éigin a dhéanamh anois, beidh sé ar fud na háite i gceann cúpla bliain.' Spás nach féidir leis an intleacht shaorga a líonadh is dócha ná ceolchoirmeacha, ach fiú sna spásanna sin is é an comhluadar, agus comhráite daonna a chothaíonn an t-anam. 'Tráth den saol bhí na gigeanna ar an rud is tábhachtaí, ach tá sé sin difriúil anois freisin. Tá mé níos ciúine. Tá suim agam i ngach rud. Tá mé beo. Tá suim agam sa chomhrá seo, tá suim agam i ngach rud.' Is léir dom ón bhfreagra seo go bhfuil suaimhneas as an nua aimsithe ag David. Tá solas agus sólás le brath uaidh, agus ón gceol nua atá le teacht. Aistear a bhí ann, is léir, ach is cosúil gur ar bhóthar a leasa atá sé anois. 'Thosaigh mé ag ól nuair a bhí mé 13 bliana d'aois. Ag amanna éagsúla bhí mo shaol lán leis an eachtraíocht. Ar feadh cúpla bliain bhí mé sa dorchadas. Agus bhí mé i gcónaí ag obair - fós ag cur amhrán amach - ach bhí mé plódaithe le heagla agus le gortú. Tá sé difriúil inniu, agus mar gheall air sin, mothaím . . . loosey goosey!' Seanscéal nó teacht in inmhe i saol an ealaíontóra atá ann ar bhealach. An tuiscint nó ciall a thagann le haois, nach gá fulaingt don cheird. 'Cheap mé go raibh ort a bheith trom agus dáiríre le bheith i d'ealaíontóir 'ceart', ach is a mhalairt atá fíor, sin atá foghlamtha agam!'

An íoróin mhilis gharbh
An íoróin mhilis gharbh

Irish Times

time30-06-2025

  • Politics
  • Irish Times

An íoróin mhilis gharbh

An amhlaidh gur chailleas rud éigin? An amhlaidh nár airíos na ceisteanna sa Dáil agus na leithscéalta ó na tráchtairí eolgaiseacha gaoiseacha sin a mhaígh go gcaithfimis an glas triarach, nó an glas faoi thrí a chaitheamh sa bhosca bruscair, toisc, fan leis, go n-imreodh an Rúis nó an tSín urghaire nó veto ar ár gcuid trúpaí ag dul thar lear ar chúraimí na Náisiún Aontaithe? Ní fhéadfaimis ligean don Rúis ná don tSín ceangal a chur ar Óglaigh na hÉireann dul i mbun dualgas síochána thar lear. Chaithfí deireadh a chur leis an ngeallúint sholmanta a tugadh cheana gurbh ann don ghlas triarach ionas go gcaithfí cead na Náisiún Aontaithe a fháil d'fhonn fir agus mná óga na hÉireann a scaoileadh thall thairis ar dhualgas armtha. Agus, n'fheadar an im chodladh a bhíos, ach léigh mé agus d'airigh mé go bhfuil an Tánaiste/an tAire Gnóthaí Eachtracha i mbun feachtais taidhleoireachta le tíortha an domhain a bhfuil cluasa orthu ionas go leanfaí le UNIFIL, is é sin, misean na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus a bhfuilimid páirteach ann leis na blianta. Ní foláir do na Náisiúin Aontaithe an misean a athnuachan gan mhoill nó tiocfaidh deireadh leis agus fillfidh Arm na hÉireann agus saighdiúirí eile síochána abhaile, imeacht a thaitneodh go mór le hIosrael. Is í íoróin mhilis an chúrsa ná nach iad an Ruis mhallaithe, ná an tSín nach dtuigtear, ná an Bhreatain ár gcomharsana, ná an Fhrainc phoblachtach (mar a déarfá) is róbhaol a chuirfidh an bac orainn, ach ár gcairde daonlathacha i Meiriceá. Samhlaigh é sin! Tá na Stáit Aontaithe ag beartú, de réir an Aire agus an Tánaiste, ar urghaire a chur ar ár gcuid trúpaí páirt a ghlacadh i misean de chuid na Náisiún Aontaithe! Abúbúna! Cá bhfuil siad anois, na tráchtairí, na polaiteoirí, na hiriseoirí nach raibh de phort acu ach nár cheart ligean don Rúis ná don tSín stiúir a bheith acu ar ár gcuid gnóthaí eachtracha? READ MORE Ní argóint í sin, gan amhras, ar son deireadh a chur leis an nglas triarach, óir is dóigh leis an gcuid againn atá glan in aghaidh na tóra chun cogaidh agus leis an méadú ar chaiteachas an bháis seachas na beatha, gur cosaint fós é an glas faoi thrí ar chead a chinn nó ar chead a chlaonta a thabhairt do rialtas ar bith ógánaigh a chur amach ag troid ar son comhghuaillíochtaí eile gur beag é ár nguth iontu agus a n-athróidh a ndílseacht de réir is mar a shéideann an ghaoth. Má chuireann na Stáit Aontaithe, nó an Bhreatain, nó an Fhrainc, nó an tSín, nó an Rúis féin cosc orainn, bíodh sin mar atá. Is é sin toil na Náisiún Aontaithe ar aontaíomar leis; creideamh san eagraíocht lochtach sin an dóchas is fearr fós atá againn. Níl san íoróin áirithe sin ach sampla beag oileánda de na híoróna ar fad atá ag gabháil steallaidh orainn faoi láthair. Netanyahu Iosrael ag maíomh go raibh an Iaráin á buamáil aige chun fuascailt a dhéanamh ar mhná na hIaráine a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu. Is fíor go bhfuil leatrom gránna á dhéanamh orthu ag réimeas dian míthrócaireach, ach is deacair sin a shlogadh ó cheannaire rialtais atá i mbun áir agus sléachta ar mhná, ar pháistí (agus ar fhir) na Palaistíne go laethúil fad is atá seo á scríobh agus á léamh. Is féidir na híoróna seo ar fad a iomadú go heireaball timpeall sa saol ina mairimid ann ach ó am go chéile caithfear an scáthán a thabhairt amach is na focail a dúradh a shoilsiú suas is anuas lena bhfuil á dhéanamh.

An aimsir láithreach
An aimsir láithreach

Irish Times

time16-06-2025

  • General
  • Irish Times

An aimsir láithreach

Is í an tréimhse is deacra labhairt nó scríobh faoi ag am ar bith ná an aimsir láithreach anois díreach. Tá sé deacair go leor trácht ar an aimsir chaite, mar cé go bhfuil sí, mar a déarfá, caite, tá teorainn lena bhfuil d'fhianaise ina taobh, ar a laghad go teoiriciúil. Is fusa labhairt ar an aimsir fháistineach óir is féidir leat rud ar bith a rá ina taobh agus tá seans go mbeidh an ceart agat, go háirithe má tá tú doiléir go leor ar nós Nostradamus agus Colm Cille. Ach guairneán gaoithe, séideán bruithne, cathair ghríobháin is ea an aimsir láithreach atá ag athrú ar luas an tsolais, táimid istigh ina lúba gan aon doras amach seachas an aimsir féin a bhfuil dalladh púicín uirthi. Fairis sin, tá níos mó eolais, chomh maith le heolas nach eolas é in aon chor, á scaipeadh agus á chraobhscaoileadh ar ala an tsoicind ionas nach féidir leis an intinn dhaonna greim a choimeád air. Tá leabhar ag an bhfealsamh nó ag an tráchtaire Iodálach Roberto Calasso a bhfuil The Unnameable Present air i mBéarla ina ndéanann sé iarracht ar shloinne a chur ar a bhfuil ar siúl timpeall orainn faoi láthair. Baineann cuid mhór den leabhar, áfach, le hathnuachan Ioslaim agus leis an tslí ar bhain cultúr saolta an Iarthair an bonn de, go háirithe an phornagrafaíocht agus an saibhreas thar tomhas. De sin, fíoch an tsaoil Mhoslaimigh i gcoinne 'an iarthair', bíodh gur dóigh liom féin gur mhó a bhaineann sin le coilíneachas leanúnach agus le tacaíocht Mheiriceá do dheachtóirí lofa i dtíortha na nArabach. Bhí leabhar ag Bryan Appleyard, ach tá breis agus tríocha bliain ó shin anois ann, a raibh Understanding the Present mar theideal air, ach is mar ar ghabh an eolaíocht i bhfeidhm orainn is mó is ábhar dó, agus ar éigean go raibh géarchéim na héiceolaíochta ar an gclár an uair úd. READ MORE Dá ainneoin sin, is aoibhinn liom leabhair a bhíonn ag iarraidh scéal mór ár linne a insint is a chiallú, an eachtra dhána, an dearcadh leathan, an radharc ó thaobh na dtaobhanna seachas an duine lag ina chúlóg leithleasach ag grinneadh go ceathrúshúileach ar lúidín a choise bige féin. Is mó sin tráchtaire a chuir a bhundún amach ag iarraidh breith ar luaineacht na linne. Ach an oiread leis an duine a ghliúcaíonn amach trí pholl eochrach tuisceana amháin, níl ag aon mhórfhealsamh machnaimh ná pápa polaiticiúil ná claonbhreitheamh creidimh ar bith ach a dhá shúil féin agus pé spúnóigín meabhrach a deonaíodh dó. Ba theideal oiriúnach é The Age of Empire ar leabhar Eric Hobsbawm ar an tréimhse 1875-1914 mar is idir na lúibíní ama sin is mó a sheas glóir-réim na n-impireachtaí Eorpacha ar scornach na ndonán bochta ar fud an domhain. Teideal maith, ach gan a bheith cruinn beacht mar bhí impireachtaí eile scuabtha leo agus cinn eile ar tí a saolaithe ag an am. Maidir le lorgaireacht na lipéad, mar sin, cad is féidir a thabhairt ar an aois, ar an am seo a mairimid inti? B'fhurasta Aois na hImpireachta a ghairm uirthi fós, ach tá Sasana agus an Fhrainc slogtha isteach iontu féin de cheal fodair chogaidh thar lear, tá an Rúis leonta in ainneoin a gothaí concais, agus ní heol d'aon duine ó sheachtain go seachtain cad tá ar siúl ag an impireacht is mó dá raibh riamh ann, impireacht Stát Aontaithe Mheiriceá. Idir an dá linn tá madraí allta an chogaidh scaoilte den iall ag Iosrael arís agus croí an tseandomhain ar crith nuair nach bhfeadair aon duine cad í an chéad chéim eile. B'fhearr gan aon ainm a chur ar an aimsir láithreach, go fóill.

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store