logo
An aimsir láithreach

An aimsir láithreach

Irish Times16-06-2025
Is í an tréimhse is deacra labhairt nó scríobh faoi ag am ar bith ná an aimsir láithreach anois díreach. Tá sé deacair go leor trácht ar an aimsir chaite, mar cé go bhfuil sí, mar a déarfá, caite, tá teorainn lena bhfuil d'fhianaise ina taobh, ar a laghad go teoiriciúil. Is fusa labhairt ar an aimsir fháistineach óir is féidir leat rud ar bith a rá ina taobh agus tá seans go mbeidh an ceart agat, go háirithe má tá tú doiléir go leor ar nós Nostradamus agus Colm Cille.
Ach guairneán gaoithe, séideán bruithne, cathair ghríobháin is ea an aimsir láithreach atá ag athrú ar luas an tsolais, táimid istigh ina lúba gan aon doras amach seachas an aimsir féin a bhfuil dalladh púicín uirthi. Fairis sin, tá níos mó eolais, chomh maith le heolas nach eolas é in aon chor, á scaipeadh agus á chraobhscaoileadh ar ala an tsoicind ionas nach féidir leis an intinn dhaonna greim a choimeád air.
Tá leabhar ag an bhfealsamh nó ag an tráchtaire Iodálach Roberto Calasso a bhfuil The Unnameable Present air i mBéarla ina ndéanann sé iarracht ar shloinne a chur ar a bhfuil ar siúl timpeall orainn faoi láthair. Baineann cuid mhór den leabhar, áfach, le hathnuachan Ioslaim agus leis an tslí ar bhain cultúr saolta an Iarthair an bonn de, go háirithe an phornagrafaíocht agus an saibhreas thar tomhas. De sin, fíoch an tsaoil Mhoslaimigh i gcoinne 'an iarthair', bíodh gur dóigh liom féin gur mhó a bhaineann sin le coilíneachas leanúnach agus le tacaíocht Mheiriceá do dheachtóirí lofa i dtíortha na nArabach.
Bhí leabhar ag Bryan Appleyard, ach tá breis agus tríocha bliain ó shin anois ann, a raibh Understanding the Present mar theideal air, ach is mar ar ghabh an eolaíocht i bhfeidhm orainn is mó is ábhar dó, agus ar éigean go raibh géarchéim na héiceolaíochta ar an gclár an uair úd.
READ MORE
Dá ainneoin sin, is aoibhinn liom leabhair a bhíonn ag iarraidh scéal mór ár linne a insint is a chiallú, an eachtra dhána, an dearcadh leathan, an radharc ó thaobh na dtaobhanna seachas an duine lag ina chúlóg leithleasach ag grinneadh go ceathrúshúileach ar lúidín a choise bige féin.
Is mó sin tráchtaire a chuir a bhundún amach ag iarraidh breith ar luaineacht na linne. Ach an oiread leis an duine a ghliúcaíonn amach trí pholl eochrach tuisceana amháin, níl ag aon mhórfhealsamh machnaimh ná pápa polaiticiúil ná claonbhreitheamh creidimh ar bith ach a dhá shúil féin agus pé spúnóigín meabhrach a deonaíodh dó.
Ba theideal oiriúnach é The Age of Empire ar leabhar Eric Hobsbawm ar an tréimhse 1875-1914 mar is idir na lúibíní ama sin is mó a sheas glóir-réim na n-impireachtaí Eorpacha ar scornach na ndonán bochta ar fud an domhain. Teideal maith, ach gan a bheith cruinn beacht mar bhí impireachtaí eile scuabtha leo agus cinn eile ar tí a saolaithe ag an am.
Maidir le lorgaireacht na lipéad, mar sin, cad is féidir a thabhairt ar an aois, ar an am seo a mairimid inti? B'fhurasta Aois na hImpireachta a ghairm uirthi fós, ach tá Sasana agus an Fhrainc slogtha isteach iontu féin de cheal fodair chogaidh thar lear, tá an Rúis leonta in ainneoin a gothaí concais, agus ní heol d'aon duine ó sheachtain go seachtain cad tá ar siúl ag an impireacht is mó dá raibh riamh ann, impireacht Stát Aontaithe Mheiriceá.
Idir an dá linn tá madraí allta an chogaidh scaoilte den iall ag Iosrael arís agus croí an tseandomhain ar crith nuair nach bhfeadair aon duine cad í an chéad chéim eile.
B'fhearr gan aon ainm a chur ar an aimsir láithreach, go fóill.
Orange background

Try Our AI Features

Explore what Daily8 AI can do for you:

Comments

No comments yet...

Related Articles

‘Tá scéal le gach cloch agus scéal le gach teach'
‘Tá scéal le gach cloch agus scéal le gach teach'

Irish Times

time7 hours ago

  • Irish Times

‘Tá scéal le gach cloch agus scéal le gach teach'

Foclóir: géarchéim - crisis; bogadh - move; scéim tithíochta - housing scheme; úinéirí - owners; spéis - interest; Cléire - Cape Clear Island; iarrthóirí - applicants. Agus an ghéarchéim tithíochta náisiúnta fós gan réiteach tá pobal Oileán Chléire ag tabhairt faoi scéim nuálaíoch tithíochta chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Tá deis á tabhairt faoin scéim 'Croí Cónaithe' do theaghlaigh le Gaeilge bogadh go dtí an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil daonra seasmhach ann. Tá Comharchumann Chléire Teo – an t-eagras atá freagrach as an bpróiseas pleanála teanga ar an oileán Gaeltachta seo – ag obair le húinéirí tí ar an oileán chun tithe a chur ar fáil. READ MORE Cuirfear dhá theach ar fáil an mhí seo chugainn ar chíos íseal fadtéarmach do theaghlaigh le páistí bunscoile agus tabharfar tús áite do theaghlaigh óga a bhfuil Gaeilge acu. Táthar ag súil go gcuirfear dhá theach eile ar fáil roimh an Nollaig agus péire eile ina dhiaidh sin. 'Tá na tithe suite i suíomh lárnach ar an oileán – níl siad ach cúig nóiméad siúlóide ón scoil agus dhá nóiméad ón siopa,' a dúirt Ruairí Ó Donnabháin, atá ina Oifigeach Pleanála Teanga ar Chléire le ceithre bliana anuas. 'Tá an t-ádh linn go bhfuil na húinéirí sásta comhoibriú linn agus na tithe a chur ar fáil dúinn ar chíos íseal,' a dúirt sé. 'Is seantithe iad go léir – tithe stairiúla ar an oileán - tá scéal le gach cloch, agus scéal le gach teach!' 'An sprioc atá againn ná [líon] na gcainteoirí laethúla a mhéadú,' a dúirt sé. Fáilteofar roimh iarrthóirí le Gaeilge, ach má léiríonn iarrthóirí fonn an teanga a fhoghlaim, beidh fáilte rompu siúd freisin, a dúirt sé. 'Ón taithí atá againn tuigimid gur féidir le daoine ar spéis leo an teanga teacht agus Gaeilge a fhoghlaim.' Is sampla maith é a chás féin mar gur ar Chléire a d'fhoghlaim Ó Donnabháin a chuid Gaeilge. 'D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ó mo chomharsana béal dorais agus anois táim fostaithe agus ag obair trí mheán na Gaeilge go lánaimseartha,' a dúirt sé. Tá ana-shuim léirithe sa scéim go dtí seo, le hiarratais ag teacht isteach 'gach lá'. 'Tá suim léirithe ag daoine as iarthar Chorcaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta - an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc,' a dúirt Ó Donnabháin. 'Tá go leor Éireannach ina measc freisin atá ag iarraidh bogadh abhaile.' Ceann scríbe Is ceann scríbe é Oileán Chléire le fada an lá do chuairteoirí, d'ealaíontóirí, d'fhoghlaimeoirí Gaeilge agus do go leor eile ar spéis leo an suaimhneas, an dúlra agus an oidhreacht. I measc na rudaí a deir Ó Donnabháin a mheallann daoine tá 'an tírdhreach, suaimhneas an oileáin, pobal oscailte le gach saghas duine ann, an drámaíocht, agus ar ndóigh an teanga.' Níl Oileán Chléire ach trí mhíle ar fhaid agus míle amháin ar leithne. Tá thart ar 8 míle idir Cléire agus an mhórthír, agus caithfear dul ar bhád farantóireachta leis an aistear sin a dhéanamh. Céim mhór a bheadh ann mar sin do theaghlach ar bith bogadh amach ón mórthír. Ceist amháin a chuirfidh tuismitheoirí agus iad ag machnamh ar chéim mar sin a ghlacadh ná cé chomh mealltach is atá saol an oileáin? 'Is amhail le seomra mór ranga é an t-oileán do pháistí agus iad amuigh ar an trá nó ag siúl sna coillte,' a dúirt Ó Donnabháin. 'Ní saol ciúin atá ann, ach is saol draíochtúil é i mo thuairimse.' Bíonn gasraí agus cumainn gníomhach ar feadh na bliana, agus reáchtáiltear imeachtaí teanga agus cultúrtha go tráthrialta faoi Phlean Teanga Chléire. 'Tá scoil amháin ar an oileán, Scoil Náisiúnta Oileán Chléire, nach bhfuil ach nóiméad ón trá. Scoil Ghaeltachta atá ann le foireann breá óg atá lán le fuinneamh.' 'Tá siopa grósaera againn, Bialann Seán Rua, agus dhá theach tábhairne. Tá Club Chléire againn freisin - sin ár gclub sóisialta - agus Coláiste Phobal Chléire. Tá halla mór sa choláiste le trealamh aclaíochta, agus reáchtáiltear scannáin, seisiúin cheoil, ranganna Gaeilge agus imeachtaí éagsúla ann gach lá.' 'Tá teach allais nua oscailte anois agus tá daoine ag súil leis sin - saol iarthar Chorcaí atá ar fáil againn freisin.' 'Bíonn daoine gnóthach ar Chléire,' a dúirt sé. Beatha Oileánach Seoladh an straitéis rialtais 'Ár nOileáin Bheo', a bhfuil Croí Cónaithe mar chuid di, in 2023. Luaitear 80 gníomh i bplean gníomhaíochta na straitéise, ina measc infreastruchtúr tithíochta agus uisce a fhorbairt, seirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais a fheabhsú, agus leathanbhanda ardluais a chur ar fáil. 'Tá leabharlann nua-oscailte againn chomh maith le G-Tech - ionad teicneolaíochta a chuireann ceangail leathanbhanda iontach láidir ar fáil.' 'Tá an acmhainn sin an-áisiúil,' a dúirt Ó Donnabháin, a rugadh agus a tógadh i gCathair Chorcaigh. 'Nuair a bhog mé go Cléire ar dtús, ní raibh fáil ar nasc idirlín ach i roinnt áiteanna, agus bhí orm mo ghuthán a chrochadh i mála ón líne taobh amuigh chun an nasc a fháil.' 'Ach anois tá 5G againn i ngach áit, agus is féidir le daoine obair a dhéanamh ón mbaile nó ón G-Tech.' Cé go bhfuil na háiseanna cuí ann do dhaoine ar mian leo cianobair a dhéanamh, cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil scileanna eile acu. 'Má tá daoine ann a bhíonn ag tógáil, atá go maith le cúrsaí athchóirithe, nó adhmadóireacht, nó má tá scileanna mar sin acu, bheadh fáilte rompu siúd freisin,' a dúirt Ó Donnabháin. De réir an daonáirimh, bhí 110 duine ina gcónaí ar an oileán in 2022, ach tá méadú tagtha air ó shin. 'Tháinig seisear déag faoi bhun 50 bliain d'aois go hOileán Chléire le deireanas, rud a chuireann go mór leis an saol laethúil,' a dúirt Ó Donnabháin. Tá muintearas an phobail láidir ar an oileán agus tá nós na meithleacha fós beo ann. Tagann daoine le chéile, iad ag cuidiú agus ag comhoibriú lena chéile chun comhobair a chur i gcrích. 'Pobal beag láidir atá ar Chléire,' a dúirt Ó Donnabháin. 'Táimid an-dearfach agus dóchasach.' 'Sin an fáth go bhfuil an feachtas seo ar bun againn agus go bhfuil an pobal ag déanamh athchóiriú ar na tithe chun teaghlaigh nua a mhealladh isteach.' 'Tá an pobal ag obair ar a son féin agus ar son an oileáin. Tá siad ag cur lámh le hobair seachas an lámh a shíneadh amach,' a dúirt sé. Tithe saoire Tráth dá raibh, bhí níos mó ná míle duine ina gcónaí ar an oileán. Tháinig titim mhór air sin de bharr an Ghorta agus na heisimirce a leann. Fearacht go leor ceantair Ghaeltachta, fágann an titim sin go bhfuil roinnt mhaith tithe saoire ar an oileán. 'Is trua mór é,' a dúirt Ó Donnabháin. Ach mar sin féin, bíonn ceangal ag go leor cuairteoirí leis an oileán chomh maith leo sin atá ina gcónaí ann. 'Is rud mór [iad na tithe saoire] don séasúr turasóireachta, go háirithe ar oileán agus is [le] comharsana iad go minic, nó teaghlaigh níos leithne de chuid phobal an oileáin. Agus, leis an ardú a tháinig le cúpla bliain anuas ar líon na ndaoine atá ina gcónaí ann, tá dóchas le brath. 'Nuair a osclaím an doras san oíche sa gheimhreadh, feicim go mbíonn níos mó soilse lasta. Tá feabhas ag teacht, tá muid ag obair air agus tá muid dóchasach.' Breis eolais: cleirenua@ agus

An aimsir láithreach
An aimsir láithreach

Irish Times

time16-06-2025

  • Irish Times

An aimsir láithreach

Is í an tréimhse is deacra labhairt nó scríobh faoi ag am ar bith ná an aimsir láithreach anois díreach. Tá sé deacair go leor trácht ar an aimsir chaite, mar cé go bhfuil sí, mar a déarfá, caite, tá teorainn lena bhfuil d'fhianaise ina taobh, ar a laghad go teoiriciúil. Is fusa labhairt ar an aimsir fháistineach óir is féidir leat rud ar bith a rá ina taobh agus tá seans go mbeidh an ceart agat, go háirithe má tá tú doiléir go leor ar nós Nostradamus agus Colm Cille. Ach guairneán gaoithe, séideán bruithne, cathair ghríobháin is ea an aimsir láithreach atá ag athrú ar luas an tsolais, táimid istigh ina lúba gan aon doras amach seachas an aimsir féin a bhfuil dalladh púicín uirthi. Fairis sin, tá níos mó eolais, chomh maith le heolas nach eolas é in aon chor, á scaipeadh agus á chraobhscaoileadh ar ala an tsoicind ionas nach féidir leis an intinn dhaonna greim a choimeád air. Tá leabhar ag an bhfealsamh nó ag an tráchtaire Iodálach Roberto Calasso a bhfuil The Unnameable Present air i mBéarla ina ndéanann sé iarracht ar shloinne a chur ar a bhfuil ar siúl timpeall orainn faoi láthair. Baineann cuid mhór den leabhar, áfach, le hathnuachan Ioslaim agus leis an tslí ar bhain cultúr saolta an Iarthair an bonn de, go háirithe an phornagrafaíocht agus an saibhreas thar tomhas. De sin, fíoch an tsaoil Mhoslaimigh i gcoinne 'an iarthair', bíodh gur dóigh liom féin gur mhó a bhaineann sin le coilíneachas leanúnach agus le tacaíocht Mheiriceá do dheachtóirí lofa i dtíortha na nArabach. Bhí leabhar ag Bryan Appleyard, ach tá breis agus tríocha bliain ó shin anois ann, a raibh Understanding the Present mar theideal air, ach is mar ar ghabh an eolaíocht i bhfeidhm orainn is mó is ábhar dó, agus ar éigean go raibh géarchéim na héiceolaíochta ar an gclár an uair úd. READ MORE Dá ainneoin sin, is aoibhinn liom leabhair a bhíonn ag iarraidh scéal mór ár linne a insint is a chiallú, an eachtra dhána, an dearcadh leathan, an radharc ó thaobh na dtaobhanna seachas an duine lag ina chúlóg leithleasach ag grinneadh go ceathrúshúileach ar lúidín a choise bige féin. Is mó sin tráchtaire a chuir a bhundún amach ag iarraidh breith ar luaineacht na linne. Ach an oiread leis an duine a ghliúcaíonn amach trí pholl eochrach tuisceana amháin, níl ag aon mhórfhealsamh machnaimh ná pápa polaiticiúil ná claonbhreitheamh creidimh ar bith ach a dhá shúil féin agus pé spúnóigín meabhrach a deonaíodh dó. Ba theideal oiriúnach é The Age of Empire ar leabhar Eric Hobsbawm ar an tréimhse 1875-1914 mar is idir na lúibíní ama sin is mó a sheas glóir-réim na n-impireachtaí Eorpacha ar scornach na ndonán bochta ar fud an domhain. Teideal maith, ach gan a bheith cruinn beacht mar bhí impireachtaí eile scuabtha leo agus cinn eile ar tí a saolaithe ag an am. Maidir le lorgaireacht na lipéad, mar sin, cad is féidir a thabhairt ar an aois, ar an am seo a mairimid inti? B'fhurasta Aois na hImpireachta a ghairm uirthi fós, ach tá Sasana agus an Fhrainc slogtha isteach iontu féin de cheal fodair chogaidh thar lear, tá an Rúis leonta in ainneoin a gothaí concais, agus ní heol d'aon duine ó sheachtain go seachtain cad tá ar siúl ag an impireacht is mó dá raibh riamh ann, impireacht Stát Aontaithe Mheiriceá. Idir an dá linn tá madraí allta an chogaidh scaoilte den iall ag Iosrael arís agus croí an tseandomhain ar crith nuair nach bhfeadair aon duine cad í an chéad chéim eile. B'fhearr gan aon ainm a chur ar an aimsir láithreach, go fóill.

Inside history of St Colmcille who's ‘intrinsically linked' to Irish identity amid calls for bank holiday in his honour
Inside history of St Colmcille who's ‘intrinsically linked' to Irish identity amid calls for bank holiday in his honour

The Irish Sun

time12-06-2025

  • The Irish Sun

Inside history of St Colmcille who's ‘intrinsically linked' to Irish identity amid calls for bank holiday in his honour

IRELAND could be getting a new bank holiday in honour of another one of the country's patron saints. The Advertisement 2 A new July bank holiday has been proposed Credit: Alamy 2 St Colmcille is the third patron saint of Ireland Following the addition of However, this is still fewer than the Now a campaign to have a public day off named after St Colmcille is growing. Advertisement READ MORE IN IRISH NEWS And the campaign is heating up, with The Kells Colmcille 1500 committee and Kells Local Heroes are supporting the proposals given St Colmcille's links with the Meath town and the Book of Kells. Local councillor Sean Drew intends to submit a motion in ­support of a new public holiday for the next sitting of Meath County The Advertisement Most read in The Irish Sun Cllr Drew also suggested renaming the existing June But as exhausted No rain forecast as Met Eireann pinpoint exactly where warmest temps to hit over the bank holiday weekend SAINT Colmcille, or Saint Columba, established more than 50 Christian sites across Ireland. St Colmcille, meaning 'the dove of the Church', was born at Gartan, near Lifford, Co Donegal, in 521AD. Advertisement HOLY MAN, POET & DIPLOMAT Born into Irish aristocracy, St Colmcille is said to have been a descendant of legendary Niall of the Nine Hostages. Niall was a fifth century Irish warlord reputed to have fought against the Romans and armies of ancient Scotland, Historians say Colmcille founded his first monastery in what is now the modern day city of Derry or Doire Cholm Cille, in the year 545. 1500 years after his birth historians speak of his legacy as a holy man, a poet and a diplomat. Advertisement It is said that he protected those who were deprived of ears, eyes and throat. PRAYER OFFERING The well of St Colmcille on the Ballycullen Road in south It is believed that Colmcille stopped off here on one of his journeys around Ireland to quench his thirst and bless the well. The holy well has a statue of Colmcille set into stone and visitors to the well drink from the water pray and leave medals nailed into the bark of a tree as offerings. Advertisement Rags left by previous pilgrims visiting the well are to provide cures for eyes, ears and throats. Across Ireland, there are many sites associated with St Colmcille. PATRON SAINT The sites in the north west and in the eastern region associated with St Colmcille included Gleann Cholm Cille, Toraigh, Kells and Swords. The influential Irish monk is known the patron saint of Advertisement Historians point out he was a significant historical figure in the spreading of Christianity in One of his most important monasteries was in Iona, off the coast of Much history was written and recorded in his monasteries. One of Ireland's most famous books, the Book of Kells, is believed to have been crafted by monks in the Columban monastery on Iona. ENDURING LEGACY Colmcille died in Iona on 9 June, 597 AD aged 75. Advertisement But his legacy, as well as devotion to the saint, has endured to modern times. Many Ireland currently has ten public holidays per year, with St Brigid's Day the most recent addition to the list in 2023. Miriam Manning is of the Kells Colmcille 1500 committee which was established to mark the 1500th anniversary of the birth of St Colmcille from 2020 to 2021. Advertisement WORLDWIDE RECOGNITION Miriam said: 'The Kells association with Columban heritage and the Book of Kells has shaped our identity through the centuries and it would be fitting if he is honoured by the Government. 'A dedicated public holiday recognising St Colmcille, who is also known as St Columba presents an opportunity for Kells to develop a national and international profile for the town and to develop further the networks and collaborations created during the anniversary year keeping the story of St Colmcille alive. 'The iconography perfected in the Book of Kells is recognisable worldwide and in this way it is important to note that Colmcille's legacy is intrinsically linked to our national identity.' The connection between St Colmcille and Kells reaches back to the sixth century when Manus O'Donnell's 'Life of Colmcille' says the Saint was granted the dun of Kells by High King of Tara Diarmaid MacCarroll. Advertisement After Colmcille's death in Iona in Scotland, his followers who included scribes, stonecutters, goldsmiths and masons, returned to Kells in 804 bringing with them the precious relics of the saint. ENORMOUS CONTRIBUTION Miriam explained: 'From the teachings of Colmcille, Columban monks and scribes became some of the greatest scribes and painters of books in the world and it is believed the Book of Kells owes its identity and status to having been completed by a particular scribe in the town.' Also backing Donegal's call for a public holiday, Mark Smith of Kells Local Heroes said it would raise the profile of the town and attract scholars and academics who might not visit otherwise. He said: 'St Colmcille's house, the round tower and the Celtic crosses in the town have proven to be huge attractions for students and experts in the study of the Book of Kells and the enormous contribution that local monks made in spreading Christianity across Europe.' Advertisement He said: 'St Colmcille has important historical connections not only with Kells but with many other locations in the county and I think it would be apt and fitting to have a special day in his honour.' One thing is for sure. Meath and Donegal are united in believing honouring St Colmcille with a public holiday of his own is a divine idea.

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store