Latest news with #Conamara


Irish Times
4 days ago
- Business
- Irish Times
Tithe, tithe, tithe
Nuair a bhí staidéar beag éigin á dhéanamh agam ar chanúintí na Gaeilge fuaireas amach go raibh go leor leaganacha den fhocal 'teach' ann. Is é 'tigh' a bhí agamsa óir is i gceann díobh a raibh cónaí orm, agus rud éigin cosúil le 'toigh' sna críocha ó thuaidh a bhí i bhfad uaim. Bhí sin ceart go leor, óir thig le duine trí leagan den fhocal céanna a choimeád sa chloigeann is dúire. Ach b'í an uimhir iolra den fhocal céanna sin 'teach' a chuir mearbhall go brách orm. Níl i gceist agam mearbhall go brách a chur ar an léitheoir chomh luath seo san alt, ach is leor a rá go bhfuil a oiread sin leaganacha den uimhir iolra ag an bhfocal 'teach' sa Ghaeilge is atá réitigh á moladh ar fhadhb na tithíochta. Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach. Sa chás annamh is go mbeadh dhá theach ag mac nó ag iníon de chuid Chonamara is amhlaidh go mbeadh teachannaí acub, nó titheachaí, nó tigheannaí, ní teachachaí, nó teachaíonna, nó tithí, nó tithíochaí, nó tithiúthaí, nó titheabhaí, nó tithiúbhaí, nó tíofachaí, nó tíofaí nó meascán méadaithe díobh, rud a d'fhág nárbh fholáir ceist na dtithe a thabhairt chun caighdeáin, is é sin, í a shimpliú. Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach. READ MORE Agus réiteach simplí atá air nuair is gátarach a dhéanamh. Nuair a bhí formhór an phobail gan léamh ná scríobh ceapadh polasaí réabhlóideach chun deireadh a chur leis an neamhlitreachas. Bunaíodh scoileanna, oileadh múinteoirí, cuireadh d'fhiachaibh ar pháistí beaga an bóthar léanmhar cosnochtaithe a shiúl gach maidin go dtí an clár dubh agus slat na foghlama. Réitíodh an fhadhb. Tá géarchéim is cruachor tithíochta anois againn gan amhras anonn. Ní ghéillim go bhfuil ceart ar theach mar cheart daonna, mar ní ann do chearta daonna mar earra meitifisiciúil a thit anuas ón spéir. Sinne a shocraíonn na cearta daonna. Ach creidim i leas an phobail mar leas gach aon duine. Dá réiteofaí fadhb na tithíochta in Éirinn, réiteofaí go leor d'fhadhbanna na tíre. Dá mbeadh árais chónaithe ar fáil do chách d'fhanfadh an t-aos oibre agus seirbhíse gurb orthu a bhraitheann an chuid eile againn. Bheadh intuigthe go bhféadfaí fanacht sa tír, tá chomh simplí leis sin. Thabharfaí aghaidh ar an aimsir fháistineach le dóchas. Cuirtear Roinn Tithíochta ar bun mar a ceapadh ranna riachtanacha in aon tír shibhialta, agus cuirtear lab mór den mhaoin náisiúnta isteach inti mar a déanadh nuair a mhalartaíomar an solas leictreach ar an gcoinneal agus ar an ngeaitire tráth ar tógadh Ard na Croise. Faoi stiúir na Roinne sin bheadh Comhlacht Tógála Náisiúnta a sholáthródh tithe don phobal. Bheadh na tithe sin ar fáil ar chíos réasúnta fad is a mhairfeadh an tionónta, ach ní bheadh cead an teach a cheannach. Ar an gcuma sin bheadh ann don chéad ghlúin eile nuair a thiocfadh an t-am. Más cumannachas é sin, tá sorry orm, tugtar cumannachas air. Ba chuma, dhéanfadh leas gach n-aon. Ní chuirfí i gcríoch de dhroim oíche é, ach thabharfadh misneach agus dóchas don phobal nuair ba léir go raibh réiteach i ndán agus soláthar rialta d'árais chónaithe ar fáil. Ba ghá gearradh tríd an luifearnach agus an raingléis de mhaorlathas a thachtann aon bheart riachtanach a dhéanamh; déantar amhlaidh i gcónaí nuair a bhíonn mótarbhealach le tógáil nó an leas coiteann i gceist. Thiocfadh oibrithe ó chian is ó chóngar nuair a bheadh an saothar ann dóibh sa tslí chéanna is a thóg Paddies na hÉireann Sasana agus baill eile. Bheadh lánchead tógála i gcónaí ag comhlachtaí príobháideacha dóibh siúd ar mó de shealús agus maoin dóibh a dtithe seachas áit chun cónaithe.


Irish Times
14-05-2025
- Entertainment
- Irish Times
1,2,Spraoi: Togra nua a cheanglaíonn an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an mata
Is togra ceannródaíoch é an togra 1, 2 Spraoi!, atá ag iarraidh oideachas matamaitice a thabhairt isteach sa 21ú haois, tríd an scéalaíocht chruthaitheach. Is iarracht chomhoibrithe atá sa togra seo idir an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), an Dr. Lorraine Harbison – Ollamh Comhlach san Oideachas Matamaitice ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ball de chuid CASTeL – agus foireann Fighting Words. Is iad aidhmeanna an togra ná matamaitic a chomhtháthú le scéalaíocht Gaeilge, timpeallacht dhearfach a chruthú ina bhfoghlaimíonn daltaí coincheapa lárnacha an mhata, agus go mbeadh deis acu a scileanna teanga agus cruthaitheachta a fheabhsú. Cuireadh tús leis an togra i nGaelscoil Bhaile Munna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2024 agus bhí Scoil Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn, Co. na Mí agus Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Conamara, páirteach sa togra píolótach seo freisin. Mar gheall ar an aiseolas dearfach ó na múinteoirí agus ó na gasúir sna scoileanna sin, leathnaíodh an togra i mbliana chun Gaelscoil Bharra i mBaile Átha Claith, Scoil Bhreandáin ar an Eachléim i Maigh Eo agus Scoil na Maighdine Muire i gCamus, Conamara, a chur san áireamh. Chun a saothar féin a spreagadh agus tuiscint a thabhairt dóibh ar an seánra scéalta matamaitice, cuireadh trí scéal agus ábhar tacaíochta ar fáil do na múinteoirí agus do na páistí: 'Réiteach na Rósanna', ina bhfuil patrún uimhreacha le haithint chun breith ar an ngadaí, 'Tic Toc Crog', scéal ina gcabhraíonn na carachtair 'Digit Each' agus 'Ana Logach' leis an gcrogall an nasc idir an clog 12 uair agus an clog 24 uair a thuiscint, agus 'Cad é an Seans?' ina ndírítear ar an dóchúlacht chun fáil amach cé a aimseoidh an taisce ar dtús. Tá na scéalta seo agus an t-ábhar tacaíochta ar fáil do chách ag Ag eascairt as na scéalta seo agus na ceardlanna scríbhneoireachta a chur Fighting Words ar fáil do na daltaí, scríobh siad a gcuid scéalta mata féin a foilsíodh i mbailiúchán darb ainm 1, 2, Spraoi! Thug sé seo deis do na daltaí an mata a nascadh leis na spéiseanna agus na suimeanna a bhí acu féin. Chabhraigh sé leo an ról lárnach atá ag an mata ina saol laethúil a thuiscint. Seoladh an leabhar seo ar champus Naomh Phadraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus rinneadh ceiliúradh ar inniúlacht agus ar cruthaitheacht na ndaltaí. READ MORE Tacaíonn cur chuige 1, 2 Spraoi! leis an mbéim atá sa churaclam Matamaitice athfhorbartha, Curaclam Matamaitice na Bunscoile, ar oideolaíocht spraíúil agus cleathais ar nós comhrá mata agus tascanna dúshlánacha cognaíocha. Is áis iontach measúnuithe iad na scéalta freisin. Nuair a dhéantar anailís orthu, tugtar léargas luachmhar ar thuiscint choincheapúil na ndaltaí agus is féidir an t-eolas seo a úsáid chun múineadh agus foghlaim a phleanáil. Beidh an dara cnuasach scéalta mata nuachumtha á fhoilsiú an mhí seo.