
Tithe, tithe, tithe
Nuair a bhí staidéar beag éigin á dhéanamh agam ar chanúintí na Gaeilge fuaireas amach go raibh go leor leaganacha den fhocal 'teach' ann. Is é 'tigh' a bhí agamsa óir is i gceann díobh a raibh cónaí orm, agus rud éigin cosúil le 'toigh' sna críocha ó thuaidh a bhí i bhfad uaim. Bhí sin ceart go leor, óir thig le duine trí leagan den fhocal céanna a choimeád sa chloigeann is dúire.
Ach b'í an uimhir iolra den fhocal céanna sin 'teach' a chuir mearbhall go brách orm. Níl i gceist agam mearbhall go brách a chur ar an léitheoir chomh luath seo san alt, ach is leor a rá go bhfuil a oiread sin leaganacha den uimhir iolra ag an bhfocal 'teach' sa Ghaeilge is atá réitigh á moladh ar fhadhb na tithíochta.
Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach.
Sa chás annamh is go mbeadh dhá theach ag mac nó ag iníon de chuid Chonamara is amhlaidh go mbeadh teachannaí acub, nó titheachaí, nó tigheannaí, ní teachachaí, nó teachaíonna, nó tithí, nó tithíochaí, nó tithiúthaí, nó titheabhaí, nó tithiúbhaí, nó tíofachaí, nó tíofaí nó meascán méadaithe díobh, rud a d'fhág nárbh fholáir ceist na dtithe a thabhairt chun caighdeáin, is é sin, í a shimpliú.
Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach.
READ MORE
Agus réiteach simplí atá air nuair is gátarach a dhéanamh. Nuair a bhí formhór an phobail gan léamh ná scríobh ceapadh polasaí réabhlóideach chun deireadh a chur leis an neamhlitreachas. Bunaíodh scoileanna, oileadh múinteoirí, cuireadh d'fhiachaibh ar pháistí beaga an bóthar léanmhar cosnochtaithe a shiúl gach maidin go dtí an clár dubh agus slat na foghlama. Réitíodh an fhadhb.
Tá géarchéim is cruachor tithíochta anois againn gan amhras anonn. Ní ghéillim go bhfuil ceart ar theach mar cheart daonna, mar ní ann do chearta daonna mar earra meitifisiciúil a thit anuas ón spéir. Sinne a shocraíonn na cearta daonna. Ach creidim i leas an phobail mar leas gach aon duine. Dá réiteofaí fadhb na tithíochta in Éirinn, réiteofaí go leor d'fhadhbanna na tíre. Dá mbeadh árais chónaithe ar fáil do chách d'fhanfadh an t-aos oibre agus seirbhíse gurb orthu a bhraitheann an chuid eile againn. Bheadh intuigthe go bhféadfaí fanacht sa tír, tá chomh simplí leis sin. Thabharfaí aghaidh ar an aimsir fháistineach le dóchas.
Cuirtear Roinn Tithíochta ar bun mar a ceapadh ranna riachtanacha in aon tír shibhialta, agus cuirtear lab mór den mhaoin náisiúnta isteach inti mar a déanadh nuair a mhalartaíomar an solas leictreach ar an gcoinneal agus ar an ngeaitire tráth ar tógadh Ard na Croise. Faoi stiúir na Roinne sin bheadh Comhlacht Tógála Náisiúnta a sholáthródh tithe don phobal.
Bheadh na tithe sin ar fáil ar chíos réasúnta fad is a mhairfeadh an tionónta, ach ní bheadh cead an teach a cheannach. Ar an gcuma sin bheadh ann don chéad ghlúin eile nuair a thiocfadh an t-am.
Más cumannachas é sin, tá sorry orm, tugtar cumannachas air. Ba chuma, dhéanfadh leas gach n-aon.
Ní chuirfí i gcríoch de dhroim oíche é, ach thabharfadh misneach agus dóchas don phobal nuair ba léir go raibh réiteach i ndán agus soláthar rialta d'árais chónaithe ar fáil.
Ba ghá gearradh tríd an luifearnach agus an raingléis de mhaorlathas a thachtann aon bheart riachtanach a dhéanamh; déantar amhlaidh i gcónaí nuair a bhíonn mótarbhealach le tógáil nó an leas coiteann i gceist.
Thiocfadh oibrithe ó chian is ó chóngar nuair a bheadh an saothar ann dóibh sa tslí chéanna is a thóg Paddies na hÉireann Sasana agus baill eile.
Bheadh lánchead tógála i gcónaí ag comhlachtaí príobháideacha dóibh siúd ar mó de shealús agus maoin dóibh a dtithe seachas áit chun cónaithe.
Hashtags

Try Our AI Features
Explore what Daily8 AI can do for you:
Comments
No comments yet...
Related Articles


Irish Times
2 days ago
- Irish Times
Tithe, tithe, tithe
Nuair a bhí staidéar beag éigin á dhéanamh agam ar chanúintí na Gaeilge fuaireas amach go raibh go leor leaganacha den fhocal 'teach' ann. Is é 'tigh' a bhí agamsa óir is i gceann díobh a raibh cónaí orm, agus rud éigin cosúil le 'toigh' sna críocha ó thuaidh a bhí i bhfad uaim. Bhí sin ceart go leor, óir thig le duine trí leagan den fhocal céanna a choimeád sa chloigeann is dúire. Ach b'í an uimhir iolra den fhocal céanna sin 'teach' a chuir mearbhall go brách orm. Níl i gceist agam mearbhall go brách a chur ar an léitheoir chomh luath seo san alt, ach is leor a rá go bhfuil a oiread sin leaganacha den uimhir iolra ag an bhfocal 'teach' sa Ghaeilge is atá réitigh á moladh ar fhadhb na tithíochta. Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach. Sa chás annamh is go mbeadh dhá theach ag mac nó ag iníon de chuid Chonamara is amhlaidh go mbeadh teachannaí acub, nó titheachaí, nó tigheannaí, ní teachachaí, nó teachaíonna, nó tithí, nó tithíochaí, nó tithiúthaí, nó titheabhaí, nó tithiúbhaí, nó tíofachaí, nó tíofaí nó meascán méadaithe díobh, rud a d'fhág nárbh fholáir ceist na dtithe a thabhairt chun caighdeáin, is é sin, í a shimpliú. Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach. READ MORE Agus réiteach simplí atá air nuair is gátarach a dhéanamh. Nuair a bhí formhór an phobail gan léamh ná scríobh ceapadh polasaí réabhlóideach chun deireadh a chur leis an neamhlitreachas. Bunaíodh scoileanna, oileadh múinteoirí, cuireadh d'fhiachaibh ar pháistí beaga an bóthar léanmhar cosnochtaithe a shiúl gach maidin go dtí an clár dubh agus slat na foghlama. Réitíodh an fhadhb. Tá géarchéim is cruachor tithíochta anois againn gan amhras anonn. Ní ghéillim go bhfuil ceart ar theach mar cheart daonna, mar ní ann do chearta daonna mar earra meitifisiciúil a thit anuas ón spéir. Sinne a shocraíonn na cearta daonna. Ach creidim i leas an phobail mar leas gach aon duine. Dá réiteofaí fadhb na tithíochta in Éirinn, réiteofaí go leor d'fhadhbanna na tíre. Dá mbeadh árais chónaithe ar fáil do chách d'fhanfadh an t-aos oibre agus seirbhíse gurb orthu a bhraitheann an chuid eile againn. Bheadh intuigthe go bhféadfaí fanacht sa tír, tá chomh simplí leis sin. Thabharfaí aghaidh ar an aimsir fháistineach le dóchas. Cuirtear Roinn Tithíochta ar bun mar a ceapadh ranna riachtanacha in aon tír shibhialta, agus cuirtear lab mór den mhaoin náisiúnta isteach inti mar a déanadh nuair a mhalartaíomar an solas leictreach ar an gcoinneal agus ar an ngeaitire tráth ar tógadh Ard na Croise. Faoi stiúir na Roinne sin bheadh Comhlacht Tógála Náisiúnta a sholáthródh tithe don phobal. Bheadh na tithe sin ar fáil ar chíos réasúnta fad is a mhairfeadh an tionónta, ach ní bheadh cead an teach a cheannach. Ar an gcuma sin bheadh ann don chéad ghlúin eile nuair a thiocfadh an t-am. Más cumannachas é sin, tá sorry orm, tugtar cumannachas air. Ba chuma, dhéanfadh leas gach n-aon. Ní chuirfí i gcríoch de dhroim oíche é, ach thabharfadh misneach agus dóchas don phobal nuair ba léir go raibh réiteach i ndán agus soláthar rialta d'árais chónaithe ar fáil. Ba ghá gearradh tríd an luifearnach agus an raingléis de mhaorlathas a thachtann aon bheart riachtanach a dhéanamh; déantar amhlaidh i gcónaí nuair a bhíonn mótarbhealach le tógáil nó an leas coiteann i gceist. Thiocfadh oibrithe ó chian is ó chóngar nuair a bheadh an saothar ann dóibh sa tslí chéanna is a thóg Paddies na hÉireann Sasana agus baill eile. Bheadh lánchead tógála i gcónaí ag comhlachtaí príobháideacha dóibh siúd ar mó de shealús agus maoin dóibh a dtithe seachas áit chun cónaithe.


Irish Times
7 days ago
- Irish Times
Cruacheist na hiascaireachta
Foclóir: fostaíocht - employment; tionscal - industry; olltrálaeir - supertrawler; Tríocha bliain - thirty years; cuóta - quote; scuabadh - sweeping; spochadh - teasing; méagram - megrim; Beilgigh - Belgians. 'Tá sé imithe i dtigh diabhail, cuir ar an mbealach sin é. Níl duine ar bith ag dul isteach ann níos mó. Níl aon duine óg ann.' Sin a dúirt Enda Dirrane, iascaire as Árainn, agus é ag caint faoin gcaoi a bhfuil tionscal na hiascaireachta ar chaith sé a shaol go dtí seo ag obair ann. Tá luach €1.3bn leis an tionscal in Éirinn. Tá beagnach 2,000 bád iascaigh cláraithe agus cé go bhfuil thart ar 15,500 duine ag obair san earnáil, idir fhostaíocht dhíreach agus indíreach, tá athruithe móra tarlaithe le fiche bliain anuas. Bhuail an Breatimeacht an earnáil go dona agus bíonn na hiascairí de shíor ag streachailt le cuótaí. READ MORE Tá Enda ag iascaireacht ón uair a bhí sé ina ghasúr. 'Tríocha bliain is dóigh,' a dúirt sé agus é ag caint le Tuarascáil ó ché Ros an Mhíl an tseachtain seo caite. 'An chéad uair a chuaigh mé amach, bhí mé trí bliana déag, agus tá mé á dhéanamh go lánaimseartha ó bhí mé sé bliana déag, agus tá mé 47 anois.' San achar sin ní hamháin go bhfuil athruithe as cuimse tagtha ar an saol mór, tá athrú tagtha ar thionscal na hiascaireachta agus ar fhlúirseacht na n-iasc chomh maith, go mór mór amach ó chósta iarthar na tíre. 'Bhí cúpla bád ag m'athair tríd na blianta,' a mhínigh Dirrane. 'Amach as Árainn agus as Ros an Mhíl a bhíodh muid ag iascaireacht an uair sin. 'Timpeall ar chósta na Gaillimhe agus Chontae an Chláir, agus amach ó na hoileáin. Níl dóthain oideachais ann - ní íosann muid dóthain éisc in Éirinn. — Enda Dirrane 'Ghabhadh tú amach, is dóigh, tríocha nó ceathracha go caoga míle amach ón gcósta - bheadh tú gar don talamh go minic.' 'Dhéanfá iascaireacht ar chuile chineál éisc, meascán de chuile rud a bhí ann.' B'aimsir rathúil a bhí ann do thionscal na hiascaireachta ar chósta thiar na tíre. An uair sin d'fheicfeá dalladh iasc gar don chósta. 'Níl tada mar sin ann anois, ' a dúirt Dirrane. 'Tá athrú mór millteach tagtha ar rudaí. Amach ar an [uisce] domhain a théann na báid mhóra uilig anois.' Labhair Tuarascáil le hEnda roimh chraoladh an chéad chláir i sraith nua faisnéise dar teideal Tarrac na Farraige. Chaith Maggie Breathnach, stiúrthóir agus léiritheoir na sraithe, bliain ag taifeadadh. 'Bhí sé dochreidte bliain a chaitheamh ar bord na mbád agus i dteannta iascairí agus daoine a bhfuil an oiread sin le rá acu,' a dúirt sí. 'Is pobal ana-bheag iad iascairí agus lucht cósta na tíre seo [ach] tá meath mór tagtha ar an iascaireacht le himeacht na mblianta. 'Ní olltrálaeir iad atá ag scuabadh gach rud suas agus ag déanamh brabach nó aon rud mar sin,' a dúirt sí. Nuair a labhair Tuarascáil le hEnda, bhí sé díreach théis an Foyle Fisher a cheangal i gcé Ros an Mhíl théis dó tamall a chaitheamh amuigh ar an bhfarraige ag iascach cloicheán. 'Gar go 200 míle siar amach ó Ros an Mhíl a bhí mé ag iascach,' a dúirt sé. 'Is bád breá í,' a dúirt sé. 'Ocht dtonna atá sí in ann a thógáil agus timpeall 200 bosca iasc.' Téann na báid amach 'ar an domhain' le teacht ar éisc, rud a chiallaíonn go gcaitheann an criú tréimhsí fada i bhfad ón mbaile. 'Timpeall coicíse ag an am. Má bhíonn an t-iascach thar cionn, tiocfaidh tú isteach roimhe sin. D'fhéadfá a bheith amuigh ar feadh seachtaine nó ar feadh cúig lá.' Cé go raibh ról ríthábhachtach ag an iascaireacht i saol phobal Árann san am atá thart, is beag duine anois a shaothraíonn a mbeatha ar an gcaoi seo. 'Níl sé ar nós a bhíodh sé fadó, muintir na háite uilig a bhíodh ann agus bhíodh an-chraic ann - ag spochadh as a chéile. Nuair a thosaigh mise ag iascach, is Gaeilge uilig a bhíodh á labhairt. Gaeilge a bhí ag chuile dhuine beo,' a dúirt Dirrane. Is le criú Filipíneach atá sé ag saothrú na laethanta seo. 'Cúigear Filipíneach atá ann. Daoine áille, tá muid ag obair le chéile le fada,' a dúirt sé. 'Bíonn iasc againne chuile lá beo agus muid amuigh ar an bhfarraige. Tá an criú thar cionn ag an gcócaireacht. 'Is aoibhinn liom iasc. B'fhearr liom iasc lá ar bith ná feoil. Ní bhuailfidh tú é!' B'fhéidir go gceapfá go mbeadh iasc ar an mbiachlár níos minicí ar oileán cosúil le hÉirinn, ach tá go leor faoin iasc mar bhia nach dtuigeann an pobal mór. 'Sin í an fhadhb mar a déarfá,' a d'áitigh Dirrane. 'Níl dóthain oideachais ann - ní íosann muid dóthain éisc in Éirinn.' 'Tuigeann na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh céard is ceart a dhéanamh le hiasc - is orthu a mhaireann siad.' Luann Dirrane na méagram [cineál leathóige atá coitianta amach ó chósta na hÉireann] agus 'is go dtí an Spáinn a ghabhfaidh siad, do na gasúir scoile'. 'Ní cheannaíonn duine ar bith anseo iad agus tá siad go hálainn le n-ithe, go hálainn!' Páipéarachas Cé go bhfuil clú agus cáil dhomhanda ar bhia mara na hÉireann, tá go leor dúshláin a bhaineann leis an ró-iascaireacht, leis an inmharthanacht agus leis an tionchar leanúnach atá ag an mBreatimeacht ar an earnáil. In 2022 seoladh Scéim Dheonach Scoir chun tacú le hiascairí a mbáid a dhíchoimisiúnú. An bhliain sin amháin, ghlac úinéirí ar 42 bád le híocaíochtaí tacaíochta chun a n-árthaigh a dhíchoimisiúnú. Gearrán amháin a chloistear ó iascairí ná go gcaitear an iomarca ama leis an bpáipéarachas. 'Ó a Mhaighdean Bheannaithe, tá sé ar nós a bheith ar ais ar an scoil – tá an oiread sin foirmeacha le líonadh amach,' a dúirt Dirrane. 'Bíonn tú ag seiceáil, seiceáil, seiceáil. Tá an oiread rialacha ag baint leis, a Mhaighdean! Ach is dócha gurb é riar na gcuótaí éisc an cnámh spairne is mó. 'Chuile bhliain tá muid ag cailliúint cuóta, agus tá chuile bhád eile in ann a rogha rud a dhéanamh agus níl muide.' 'Tá chuile bhád [ó thíortha eile] in uiscí na hÉireann. Na Spáinnigh, Francaigh, Beilgigh, níl a fhios cé mhéad acu atá ann. Tá siad in ann a rogha rud a dhéanamh. Ní théann aon duine in aice leo len iad a sheiceáil nó tada.' 'Níl cothromachas ar bith ann. Is cuma leo fúinn. Tá mé ag ceapadh go bhfuil siad ag iarraidh fáil réidh linn agus sin a cheapann chuile iascaire.' 'Tá fadhb ann leis na cuótaí le blianta agus tá sé ag éirí níos measa chuile bhliain. Díchoimisiúnaíodh na báid cúpla bliain ó shin. Bhíodar ag rá go mbeadh neart cuótaí againn [ina dhiaidh sin], ach ní bhfuair muid é, chaill muid é [agus] chaill muid tuilleadh!' Ach an molfadh sé do dhaoine slí mhaireachtála a bhaint amach leis? 'Blianta ó shin cinnte, ach anois, breathnaigh, níl a fhios agam an mbeidh mé ann i gceann cúig bliana nó deich mbliana nó an mbeidh na báid ann. Níl sé ag breathnú go maith. 'Briseann sé mo chroí, is bocht é, mar sin a bhfuil a fhios agam, níl a fhios agam tada eile. Agus tá go leor iascairí atá ar an gcaoi chéanna. 'Tá maireachtáil mhaith i gcónaí ann ach tá sé 'tough' mar a dearfá, bíonn tú imithe i gcónaí. Níl aon duine chun é sin a dhéanamh sa lá atá inniu ann. 'An chaoi atá rudaí, tá sé athruithe go mór. Bhíodh an-saol go deo ann, agus dá mbeadh aire tugtha dó, bheadh an-saol ann fós.' Craolfar an chéad chlár de Tharrac na Farraige Déardaoin 8ú Bealtaine, 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.


Irish Times
7 days ago
- Irish Times
Taisce luachmhar foclóireachta Uí Chadhain
FOCLÓIR: Taisce - store/treasure; eagarthóirí - editors; cnuasach - collection; eiseamláir - example; gníomhaí - activist; faoi thionchar - influenced; cartlann - archive; an foclóirí - the lexicographer; dúrud - a great deal. 'Éinne a bheadh ag iarraidh teacht isteach ar shaibhreas na Gaeilge sa chéad seo caite, is é Ó Cadhain, i ndáiríre, an eiseamláir is fearr dá bhfuil ann.' Sin a dúirt an Dr Charles Dillon, agus é ag cur síos ar Dúchan, cnuasach nua sleachta bunaithe ar shaothar toirtiúil foclóireachta Mháirtín Uí Chadhain. Rugadh Ó Cadhain ar an gCnocán Glas, An Spidéal, in 1906. Is é a scríobh Cré na Cille (1949), ceann de na saothair litríochta is mó clú sa Ghaeilge. Múinteoir, gníomhaí agus scoláire ba ea é, ach is mar scríbhneoir is mó a bhain sé a cháil amach. READ MORE Agus é i gcomhrá le Tuarascáil faoin gcnuasach nua atá chun dul i gcló ag Acadamh Ríoga na hÉireann i lár na míosa seo chugainn, dúirt Dillon go raibh Ó Cadhain ar an duine 'is tábhachtaí' i scríbhneoireacht na Gaeilge sa 20ú haois. 'Chuaigh scríbhneoirí móra na hEorpa i bhfeidhm air - gearrscéalaithe go háirithe - agus bhí sé faoi thionchar ag scríbhneoirí na Rúise agus na Fraince go deimhin,' a dúirt sé. 'Chonacthas dó go mbeadh sé in ann saol na Gaeltachta a chur in iúl trí mheán na litríochta nua-aimseartha sin agus d'éirigh leis é sin a dhéanamh.' 'Ní raibh éinne eile, i ndáiríre, ag dul don cheird chéanna ag an am. Tharraing sé téamaí an duine dhaonna isteach agus na modhanna litríochta sin á n-úsáid aige.' Anois tá níos mó ná 1,700 ceannfhocal, lena mbaineann breis agus milliún focal de shaothar foclóireachta i dtaca le focail agus nathanna cainte ó dhúiche Uí Chadhain féin, á bhfoilsiú sa leabhar Dúchan agus ar shuíomh idirlín Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. Bhí na hiontrálacha seo suite i gcartlann An Gúm ar feadh na mblianta fada sula ndearna Dillon agus a chomhghleacaí in Acadamh Ríoga na hÉireann, an Dr Colm Ó Cuaig, iad a chur in eagar. An Foclóirí Saothar teangeolaíoch agus sóisialta é Dúchan a thugann léargas iltoiseach ar thuiscint Uí Chadhain ar shaol agus teanga na Gaeltachta i gConamara an chéid seo caite. Chaith Ó Cadhain tréimhsí de bhlianta idir 1937 agus 1946 ag obair ar shaothar foclóireachta. Bhí sé i gceist go gcuirfí an t-ábhar a bhailigh sé i nGaeltacht Chonamara le chéile le hábhar eile ó na canúintí éagsúla, d'fhonn bunús a chur faoi Fhoclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill. Ach, mar a mhínigh Dillon, 'bhí an dúrud ábhar nár bhac Niall Ó Dónaill leis' agus cé nár cuireadh é i gcló riamh, tá 'saibhreas millteanach' le fáil sna samplaí sin. Léirigh an Cadhnach ciall na bhfocal trí shamplaí nithiúla agus fánacha a thabhairt inar míníodh ní hamháin brí na bhfocal ach comhthéacs a n-úsáide. 'Tá cuid acu gairid, tá cuid acu fada, tá cuid acu mar scéalta beaga, is píosaí as amhráin cuid eile, tá seanfhocail agus nathanna ann, agus ní fios cé acu ar chum sé iad nó ar tholg sé iad. Ach is cuma, ar bhealach. Bhain sé iad uilig as an Domhan Gaeltachta sin.' Deacracht Ba dhúshlán uaireanta é saothar an Chadhnaigh do léitheoirí nach raibh i dtaithí ar stíl nuálach an scríbhneora ná ar shaibhreas teanga a cheantair ach tá súil ag na húdair gur bealach eile isteach ar a shaothar a bheas sa leabhar nua seo. 'Nuair a fheiceann tú an saothar foclóireachta seo, tugann sé deis eile duit dul isteach sna scríbhinní, féachaint ar na focail agus ansin dul siar go dtí an foclóir agus a aimsiú cén bhrí a bhí ag na focail,' a dúirt Dillon. 'Agus i bhfianaise go mbíonn Máirtín Ó Cadhain 'deacair' bhí muid ag iarraidh go mbeadh an leabhar taitneamhach le bheith i do lámh agat agus nach mbeadh sé sórt doicheallach mar leabhar. 'Ar ndóigh, nuair a bhí Máirtín i mbun oibre, níor chuir sé síos na focail de réir téamaí. Chuaigh sé ó fhocal go focal. 'Bhíomar anonn agus anall faoi. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh an leabhar cothrom agus bhí plé againn faoi sin. 'D'iarr muid ar Mháirín Nic Eoin agus Alan Titley teacht isteach agus phléamar an i mbun léitheoireachta agus thángamar ar dheich gcinn de théamaí – agus ansin thosaíomar ag cur samplaí ábhartha, greannmhara, nach raibh aon sórt critéir ann ina leith ach amháin gur léirigh siad cumhacht scríbhneoireachta Mháirtín. 'Tá cúrsaí aimsire faoi thrácht, an grá agus an pósadh, daoine ag dul isteach i dtithe a chéile ar cuairt, cladach, farraige agus iascaireacht, cúrsaí talmhaíochta, achrann agus troid, daoine agus a gcuid tréithe, an tsláinte; an Domhan mór, áit a raibh siad ag caint ar imeachtaí ar nós an dara cogadh domhanda agus cúrsaí i Meiriceá nó Sasana; agus an ceann deireanach a roghnaíomar ná An Bhunaíocht – saol Bhaile Átha Cliath agus na húdaráis, na póilíní, na cúirteanna agus gach rud mar sin. 'Bhí sé thar a bheith furasta na téamaí a líonadh le samplaí.' Bhain an scríbhneoir Tomás Ó Máille úsáid as cur chuige comhchosúil ina mhórshaothar iomráiteach féin, An Béal Beo. 'Beidh sé iontach spéisiúil comparáid a dhéanamh eatarthu,' a dúirt Dillon. 'Trí na lámhscríbhinní a rinne Máirtín, déanann sé tagairt d'fhoclóir an Duinnínigh, déanann sé tagairt chomh maith do Ó Máille agus An Béal Beo agus bhí na leabhair sin os a chomhair amach agus é ag réiteach a chuid oibre. 'In amanna aontaíonn sé leo, in amanna eile tá easaontas ann, deir sé 'níl an bhrí seo ag an Duinníneach, ach tá ag Ó Máille'. 'Tá cineál comhfhreagras ann idir na saothair sin go léir. Mar, is scoláire a bhí i Máirtín Ó Cadhain chomh maith le foclóirí agus le scríbhneoir.' Teideal Nuair a roghnaíodh Dúchan mar theideal, thuig na heagarthóirí go dtarraingeodh an t-ainm roinnt plé. 'Ar ndóigh, ciallaíonn an focal 'dúchan' galar na bhfataí,' a dúirt Dillon. 'Ach, ina chur síos féin ar an bhfocal, deir Ó Cadhain má théann tú ag tochailt sa ghort, nó má chasann tú fód le corr a dhéanamh, gur 'dúchan' é sin freisin.' Brí eile atá leis ná an-chuid scríbhneoireachta: 'má dhéanann tú dúchan de litir a scríobh, déanann tú an-chuid sleachta fada próis a scríobh'. 'Bhí sé sin ag freagairt go díreach don bhrí a bhí againn leis an leabhar – an-chuid scríbhneoireachta, an-chuid tráchtaireachta ar na focail,' a dúirt Dillon. 'Tagann sé le blas an leabhair. Ar ndóigh, tá an focal 'dúch' ann, a chiallaíonn 'ink' agus spreag sin Seán \[an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta\] ar bhealach, agus rinne seisean 'dúch' dá chuid féin le haghaidh na bpictiúr a chruthú.' Cabhraíonn an leagan amach ord insroichte a chur ar an leabhar agus cuireann dearadh Uí Fhlaithearta, go mór leis freisin. 'Bhí muid ag iarradh go mbeadh níos mó ann ná liosta sleachta - thug muid an t-ábhar don ealaíontóir agus d'iarr muid air freagra ealaíonta a thabhairt ar an saothar,' a dúirt Dillon. 'Bhí sé ag obair air sin ar feadh b'fhéidir ocht nó naoi mí agus tháinig sé chugainn le roinnt smaointe. Tá íomhá cruthaithe ag Seán de gach uile téama sa leabhar. Tá dearadh iontach forbartha ar an leabhar féin agus is dóigh liom, thar aon rud eile, go mbeidh an leabhar féin go hálainn le breathnú air,' a dúirt Dillon. Mar a dúirt Dillon, 'tá scoláireacht, scríbhneoireacht, foclóireacht agus ealaín fite fuaite ina chéile sa leabhar seo.' Foilseofar Dúchan ar an 17 Meitheamh. Tá sé ar fáil le réamhordú ón suíomh: Costas: €25