Latest news with #oideachas

Irish Times
28-05-2025
- General
- Irish Times
Gaelcholáiste Reachrann: ‘Níl uainn ach cothrom na Féinne'
FOCLÓIR: seomraí réamhdhéanta – prefabs; mícheart - wrong; tacadóirí - supporters; i mbun agóide - protesting; ionadaithe - representatives; foirgneamh - building; fadhb teasa - heating problem; sorn - stove; na hoidheanna - the ovens. 'Tá páistí i nGaelcholáiste Reachrann i seomraí réamhdhéanta ó aois ceithre bliana go dtí go bhfágann siad an scoil. Tá sé sin iomlán mícheart.' Sin a dúirt Caitríona Ní Dhonnchú, tuismitheoir bheirt daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáiste Reachrann, meánscoil ina bhfuil beagnach 500 dalta atá ag fanacht le foirgneamh buan le blianta fada anuas. Ag geataí Theach Laighean a bheidh tacadóirí na scoile i mbun agóide arís an tseachtain seo faoin bhfreastal aimléiseach oideachais a deir siad a dhéantar ar phobal Gaeilge Dhomhnach Míde agus ar an gceantar máguaird. READ MORE 'Níl uainn ach cothrom na Féinne do na múinteoirí agus do na daltaí atá i nGaelcholáiste Reachrann,' a dúirt Ní Dhonnchú. 'Braitheann siad go bhfuil siad fágtha ar lár agus go bhfuil dearmad déanta orthu. Níl a fhios againn cén fhadhb atá ann, ach caithfidh go bhfuil rud éigin ann atá ag cur bac ar an dul chun cinn.' Bunaíodh Gaelcholáiste Reachrann in 2001. Tugadh cead pleanála don scoil foirgneamh nua a thógáil sa bhliain 2017, ach nuair nár tosaíodh ar an obair, bhí gá leis an gcead a athnuachan in 2022 agus níl aon dul chun cinn déanta ó shin. Agus an agóid ar siúl lasmuigh, tá grúpa tuismitheoirí agus ionadaithe ó fheachtais eile - ina measc feachtasóirí BÁC 2468 - le cur i láthair a dhéanamh do pholaiteoirí i dTeach Laighean ar an Máirt. 'Níl a fhios againn an mbaineann an fhadhb leis an scoil, leis an mBord Oideachais Áitiúil mar phátrún, leis an Roinn Oideachais nó leis an Roinn Pleanála, nó pé daoine atá ina mbun,' a dúirt Ní Dhonnchú. 'Sin an fáth a bhfuil muid ag dul isteach ar an Máirt; tá muid ag iarraidh freagra a fháil ar an gceist sin.' 'Cúig nóiméad siúil síos an bóthar, tá scoil Educate Together ann. Tá scoil agus foirgneamh ar fad nua acu sin. Nuair a théann tú cúig nóiméad suas an bealach eile ón scoil, tá trí nó ceithre scoil eile a tógadh le déanaí,' a dúirt sí. Tá spáis foghlama, áiseanna aclaíochta, leabharlanna, hallaí scoile, saotharlanna agus áiseanna teicneolaíochta agus cultúir de dhíth ar gach scoil, ach i nGaelscoil Reachrann, níl na háiseanna sin ar fad acu. 'Níl halla acu – ba bhreá leo a bheith in ann teacht le chéile agus tionól a bheith acu mar a bhíonn i scoileanna eile,' a dúirt Ní Dhonnchú. 'Níl halla acu don spórt, níl bialann acu, nuair a bhíonn drochaimsir ann, mar a bhíonn go minic in Éirinn, bíonn orthu dul amach faoin aer chun bogadh ó sheomra go seomra. Níl sé sin ceart do mhúinteoirí ná do pháistí.' 'Tá mo mhac Donncha ar fhoireann díospóireachta na scoile, ach ní féidir leo díospóireacht a eagrú ina scoil féin mar nach bhfuil spás acu lena dhéanamh.' Tháinig Donncha ar ais ó chomórtas a reáchtáladh i scoil eile le déanaí agus dúirt sé lena mháthair go mbeadh 'an t-ádh' le Gaelcholáiste Reachrann halla a bheith acu a bhí 'chomh deas le gnáth-sheomra sa scoil ina raibh an díospóireacht ar siúl ann'. Tá fadhb teasa sna foirgnimh réamhdhéanta freisin. Bíonn cuid de na seomraí rófhuar i rith na bliana, agus bíonn cuid eile róthe. 'Níl sé ceart go mbeadh ar pháistí oideachas a fháil agus iad ag rá 'ní thig liom seo a dhéanamh' nó 'nuair a bheidh mé sa seomra seo beidh mé róthe nó rófhuar,' a dúirt Ní Dhonnchú. Tá an-chuid daoine ag déanamh an-chuid oibre ach ní bhraithimid go bhfuil na daoine a bhfuil an chumhacht acu ag déanamh aon rud le cabhrú linn. — Caitríona Ní Dhonnchú Ach mar sin féin, tá ag éirí go maith le Gaelcholáiste Reachrann. 'Tá siad ag baint amach torthaí iontacha san Ardteist gach bliain. Dá mbeadh foirgneamh ceart acu, dá mbeadh ionad feiliúnach acu, dá mbraithfí go raibh siad tábhachtach, samhlaigh cad a d'fhéadfaidís a bhaint amach,' a dúirt Ní Dhonnchú. Dhéanfadh áiseanna agus trealamh níos fearr difear suntasach. 'Nuair a bhí na daltaí ag ullmhú do na scrúdaithe praiticiúla don eacnamaíocht baile, nuair a bhí [Donncha] ag smaoineamh ar céard a d'ullmhódh sé, dúirt sé go mbraitheadh sé sin ar pé stáisiún ag a mbeadh sé ina sheasamh,' a mhínigh Ní Dhonnchú. 'Tá cuid acu nach bhfuil an sorn ró-iontach acu, cuid eile nach bhfuil na hoighinn ró-iontach agus tá mé ag iarraidh go mbeidh an rud cócaráilte i gceart.' 'Níl mé ag caitheamh anuas ar an scoil nua thuas an bóthar, ach glacaim leis go bhfuil siad ag déanamh an scrúdaithe chéanna i gcistin níos deise ná an chistin atá agam sa bhaile,' a dúirt sí. 'Níl na scrúduithe sin cothrom.' 'Tá siad cothrom nuair a théann siad isteach sa seomra i mí an Mheithimh agus nuair a bhíonn an scrúdpháipéar acu, tá sé sin mar an gcéanna, tá an mhúinteoireacht mar an gcéanna agus ar ardchaighdeán ach is rudaí beaga eile atá ann'. Ach nuair a chuireann tú i gcomhthéacs oideachas na bpáistí iad, 'níl siad beag'. Tá go leor oibre ar siúl ag grúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus daoine aonair ag cur le forbairt na Gaeilge sa cheantar ach deir Ní Dhonnchú nach bhfuil na húdaráis ag léiriú mórán suime. 'Tá Conradh na Gaeilge le duine a fhostú sa cheantar go luath ar scéim phíolótach,' a dúirt sí. 'Tá siad ag iarraidh breathnú ar a bhfuil ag tarlú sa Bhreatain Bheag, sa Nua Shéalainn agus i dTír na mBascach agus ag iarraidh rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar seo.' 'Tá an-chuid daoine ag déanamh an-chuid oibre ach ní bhraithimid go bhfuil na daoine a bhfuil an chumhacht acu ag déanamh aon rud le cabhrú linn.' 'Is maith le páistí rialacha, ní chuireann na scrúduithe isteach orthu - níl uathu ach go mbeidh rudaí cothrom. Níl uathu ach 'go mbeadh cothrom na Féinne á fháil acu.' 'Ach tá a fhios acu nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu,' a dúirt Ní Dhonnchú. 'Tá sé deacair an Ghaeilge a chur chun cinn má cheapann siad go bhfuil gach duine eile ag déanamh dearmad orthu.' Cúrsa iriseoireachta Tá 20 spás ar fáil ar chúrsa nua oiliúna san iriseoireacht a reáchtálfar an mhí seo chugainn i gConamara. Is í Grett O'Connor, iar-iriseoir teilifíse le Nuacht TG4, atá ina stiúrthóir ar an gcúrsa agus tabharfar oiliúint ar na bealaí le tuairisc nuachta a ullmhú don teilifís agus do na meáin ar líne. 'Tá muid ag díriú ar dhaoine atá fiosrach, spleodrach, a bhfuil spéis acu sna meáin, a bhfuil spéis acu go speisialta sna meáin Ghaeilge, agus a bhfuil fonn orthu tabhairt faoina leithéid de chúrsa,' a dúirt O'Connor le Tuarascáil. 'Tá TG4 fíor-uaillmhianach ó thaobh thodhchaí na meán trí mheán na Gaeilge agus teastaíonn uathu cur leis an méid taithí agus leis an méid scileanna atá ag daoine óga,' a dúirt sí. Dúirt O'Connor, a chaith 20 bliain ag obair le TG4, go bhfuil súil aici go léireofar do na rannpháirtithe 'go bhfuil deiseanna amuigh ansin dóibh ós rud é gur Gaeilgeoirí iad.' Reáchtálfar an cúrsa idir an 23 Meitheamh - 4 Iúil. Chun cur isteach ar an gcúrsa is gá físeán gairid a thaifeadadh díot féin ag míniú na cúise ar mhaith leat freastal ar an gcúrsa. Seol an físeán chuig roimh 4pm an 29 Bealtaine 2025.


Irish Times
14-05-2025
- Entertainment
- Irish Times
1,2,Spraoi: Togra nua a cheanglaíonn an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an mata
Is togra ceannródaíoch é an togra 1, 2 Spraoi!, atá ag iarraidh oideachas matamaitice a thabhairt isteach sa 21ú haois, tríd an scéalaíocht chruthaitheach. Is iarracht chomhoibrithe atá sa togra seo idir an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), an Dr. Lorraine Harbison – Ollamh Comhlach san Oideachas Matamaitice ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ball de chuid CASTeL – agus foireann Fighting Words. Is iad aidhmeanna an togra ná matamaitic a chomhtháthú le scéalaíocht Gaeilge, timpeallacht dhearfach a chruthú ina bhfoghlaimíonn daltaí coincheapa lárnacha an mhata, agus go mbeadh deis acu a scileanna teanga agus cruthaitheachta a fheabhsú. Cuireadh tús leis an togra i nGaelscoil Bhaile Munna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2024 agus bhí Scoil Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn, Co. na Mí agus Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Conamara, páirteach sa togra píolótach seo freisin. Mar gheall ar an aiseolas dearfach ó na múinteoirí agus ó na gasúir sna scoileanna sin, leathnaíodh an togra i mbliana chun Gaelscoil Bharra i mBaile Átha Claith, Scoil Bhreandáin ar an Eachléim i Maigh Eo agus Scoil na Maighdine Muire i gCamus, Conamara, a chur san áireamh. Chun a saothar féin a spreagadh agus tuiscint a thabhairt dóibh ar an seánra scéalta matamaitice, cuireadh trí scéal agus ábhar tacaíochta ar fáil do na múinteoirí agus do na páistí: 'Réiteach na Rósanna', ina bhfuil patrún uimhreacha le haithint chun breith ar an ngadaí, 'Tic Toc Crog', scéal ina gcabhraíonn na carachtair 'Digit Each' agus 'Ana Logach' leis an gcrogall an nasc idir an clog 12 uair agus an clog 24 uair a thuiscint, agus 'Cad é an Seans?' ina ndírítear ar an dóchúlacht chun fáil amach cé a aimseoidh an taisce ar dtús. Tá na scéalta seo agus an t-ábhar tacaíochta ar fáil do chách ag Ag eascairt as na scéalta seo agus na ceardlanna scríbhneoireachta a chur Fighting Words ar fáil do na daltaí, scríobh siad a gcuid scéalta mata féin a foilsíodh i mbailiúchán darb ainm 1, 2, Spraoi! Thug sé seo deis do na daltaí an mata a nascadh leis na spéiseanna agus na suimeanna a bhí acu féin. Chabhraigh sé leo an ról lárnach atá ag an mata ina saol laethúil a thuiscint. Seoladh an leabhar seo ar champus Naomh Phadraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus rinneadh ceiliúradh ar inniúlacht agus ar cruthaitheacht na ndaltaí. READ MORE Tacaíonn cur chuige 1, 2 Spraoi! leis an mbéim atá sa churaclam Matamaitice athfhorbartha, Curaclam Matamaitice na Bunscoile, ar oideolaíocht spraíúil agus cleathais ar nós comhrá mata agus tascanna dúshlánacha cognaíocha. Is áis iontach measúnuithe iad na scéalta freisin. Nuair a dhéantar anailís orthu, tugtar léargas luachmhar ar thuiscint choincheapúil na ndaltaí agus is féidir an t-eolas seo a úsáid chun múineadh agus foghlaim a phleanáil. Beidh an dara cnuasach scéalta mata nuachumtha á fhoilsiú an mhí seo.