logo
Taisce luachmhar foclóireachta Uí Chadhain

Taisce luachmhar foclóireachta Uí Chadhain

Irish Times28-05-2025
FOCLÓIR: Taisce - store/treasure; eagarthóirí - editors; cnuasach - collection; eiseamláir - example; gníomhaí - activist; faoi thionchar - influenced; cartlann - archive; an foclóirí - the lexicographer; dúrud - a great deal.
'Éinne a bheadh ag iarraidh teacht isteach ar shaibhreas na Gaeilge sa chéad seo caite, is é Ó Cadhain, i ndáiríre, an eiseamláir is fearr dá bhfuil ann.'
Sin a dúirt an Dr Charles Dillon, agus é ag cur síos ar Dúchan, cnuasach nua sleachta bunaithe ar shaothar toirtiúil foclóireachta Mháirtín Uí Chadhain.
Rugadh Ó Cadhain ar an gCnocán Glas, An Spidéal, in 1906. Is é a scríobh Cré na Cille (1949), ceann de na saothair litríochta is mó clú sa Ghaeilge. Múinteoir, gníomhaí agus scoláire ba ea é, ach is mar scríbhneoir is mó a bhain sé a cháil amach.
READ MORE
Agus é i gcomhrá le Tuarascáil faoin gcnuasach nua atá chun dul i gcló ag Acadamh Ríoga na hÉireann i lár na míosa seo chugainn, dúirt Dillon go raibh Ó Cadhain ar an duine 'is tábhachtaí' i scríbhneoireacht na Gaeilge sa 20ú haois.
'Chuaigh scríbhneoirí móra na hEorpa i bhfeidhm air - gearrscéalaithe go háirithe - agus bhí sé faoi thionchar ag scríbhneoirí na Rúise agus na Fraince go deimhin,' a dúirt sé.
'Chonacthas dó go mbeadh sé in ann saol na Gaeltachta a chur in iúl trí mheán na litríochta nua-aimseartha sin agus d'éirigh leis é sin a dhéanamh.'
'Ní raibh éinne eile, i ndáiríre, ag dul don cheird chéanna ag an am. Tharraing sé téamaí an duine dhaonna isteach agus na modhanna litríochta sin á n-úsáid aige.'
Anois tá níos mó ná 1,700 ceannfhocal, lena mbaineann breis agus milliún focal de shaothar foclóireachta i dtaca le focail agus nathanna cainte ó dhúiche Uí Chadhain féin, á bhfoilsiú sa leabhar Dúchan agus ar shuíomh idirlín Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain.
Bhí na hiontrálacha seo suite i gcartlann An Gúm ar feadh na mblianta fada sula ndearna Dillon agus a chomhghleacaí in Acadamh Ríoga na hÉireann, an Dr Colm Ó Cuaig, iad a chur in eagar.
An Foclóirí
Saothar teangeolaíoch agus sóisialta é Dúchan a thugann léargas iltoiseach ar thuiscint Uí Chadhain ar shaol agus teanga na Gaeltachta i gConamara an chéid seo caite.
Chaith Ó Cadhain tréimhsí de bhlianta idir 1937 agus 1946 ag obair ar shaothar foclóireachta. Bhí sé i gceist go gcuirfí an t-ábhar a bhailigh sé i nGaeltacht Chonamara le chéile le hábhar eile ó na canúintí éagsúla, d'fhonn bunús a chur faoi Fhoclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill.
Ach, mar a mhínigh Dillon, 'bhí an dúrud ábhar nár bhac Niall Ó Dónaill leis' agus cé nár cuireadh é i gcló riamh, tá 'saibhreas millteanach' le fáil sna samplaí sin.
Léirigh an Cadhnach ciall na bhfocal trí shamplaí nithiúla agus fánacha a thabhairt inar míníodh ní hamháin brí na bhfocal ach comhthéacs a n-úsáide.
'Tá cuid acu gairid, tá cuid acu fada, tá cuid acu mar scéalta beaga, is píosaí as amhráin cuid eile, tá seanfhocail agus nathanna ann, agus ní fios cé acu ar chum sé iad nó ar tholg sé iad. Ach is cuma, ar bhealach. Bhain sé iad uilig as an Domhan Gaeltachta sin.'
Deacracht
Ba dhúshlán uaireanta é saothar an Chadhnaigh do léitheoirí nach raibh i dtaithí ar stíl nuálach an scríbhneora ná ar shaibhreas teanga a cheantair ach tá súil ag na húdair gur bealach eile isteach ar a shaothar a bheas sa leabhar nua seo.
'Nuair a fheiceann tú an saothar foclóireachta seo, tugann sé deis eile duit dul isteach sna scríbhinní, féachaint ar na focail agus ansin dul siar go dtí an foclóir agus a aimsiú cén bhrí a bhí ag na focail,' a dúirt Dillon.
'Agus i bhfianaise go mbíonn Máirtín Ó Cadhain 'deacair' bhí muid ag iarraidh go mbeadh an leabhar taitneamhach le bheith i do lámh agat agus nach mbeadh sé sórt doicheallach mar leabhar.
'Ar ndóigh, nuair a bhí Máirtín i mbun oibre, níor chuir sé síos na focail de réir téamaí. Chuaigh sé ó fhocal go focal.
'Bhíomar anonn agus anall faoi. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh an leabhar cothrom agus bhí plé againn faoi sin.
'D'iarr muid ar Mháirín Nic Eoin agus Alan Titley teacht isteach agus phléamar an smaoineamh.Chuadar i mbun léitheoireachta agus thángamar ar dheich gcinn de théamaí – agus ansin thosaíomar ag cur samplaí ábhartha, greannmhara, nach raibh aon sórt critéir ann ina leith ach amháin gur léirigh siad cumhacht scríbhneoireachta Mháirtín.
'Tá cúrsaí aimsire faoi thrácht, an grá agus an pósadh, daoine ag dul isteach i dtithe a chéile ar cuairt, cladach, farraige agus iascaireacht, cúrsaí talmhaíochta, achrann agus troid, daoine agus a gcuid tréithe, an tsláinte; an Domhan mór, áit a raibh siad ag caint ar imeachtaí ar nós an dara cogadh domhanda agus cúrsaí i Meiriceá nó Sasana; agus an ceann deireanach a roghnaíomar ná An Bhunaíocht – saol Bhaile Átha Cliath agus na húdaráis, na póilíní, na cúirteanna agus gach rud mar sin.
'Bhí sé thar a bheith furasta na téamaí a líonadh le samplaí.'
Bhain an scríbhneoir Tomás Ó Máille úsáid as cur chuige comhchosúil ina mhórshaothar iomráiteach féin, An Béal Beo.
'Beidh sé iontach spéisiúil comparáid a dhéanamh eatarthu,' a dúirt Dillon.
'Trí na lámhscríbhinní a rinne Máirtín, déanann sé tagairt d'fhoclóir an Duinnínigh, déanann sé tagairt chomh maith do Ó Máille agus An Béal Beo agus bhí na leabhair sin os a chomhair amach agus é ag réiteach a chuid oibre.
'In amanna aontaíonn sé leo, in amanna eile tá easaontas ann, deir sé 'níl an bhrí seo ag an Duinníneach, ach tá ag Ó Máille'.
'Tá cineál comhfhreagras ann idir na saothair sin go léir. Mar, is scoláire a bhí i Máirtín Ó Cadhain chomh maith le foclóirí agus le scríbhneoir.'
Teideal
Nuair a roghnaíodh Dúchan mar theideal, thuig na heagarthóirí go dtarraingeodh an t-ainm roinnt plé.
'Ar ndóigh, ciallaíonn an focal 'dúchan' galar na bhfataí,' a dúirt Dillon.
'Ach, ina chur síos féin ar an bhfocal, deir Ó Cadhain má théann tú ag tochailt sa ghort, nó má chasann tú fód le corr a dhéanamh, gur 'dúchan' é sin freisin.'
Brí eile atá leis ná an-chuid scríbhneoireachta: 'má dhéanann tú dúchan de litir a scríobh, déanann tú an-chuid sleachta fada próis a scríobh'.
'Bhí sé sin ag freagairt go díreach don bhrí a bhí againn leis an leabhar – an-chuid scríbhneoireachta, an-chuid tráchtaireachta ar na focail,' a dúirt Dillon.
'Tagann sé le blas an leabhair. Ar ndóigh, tá an focal 'dúch' ann, a chiallaíonn 'ink' agus spreag sin Seán \[an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta\] ar bhealach, agus rinne seisean 'dúch' dá chuid féin le haghaidh na bpictiúr a chruthú.'
Cabhraíonn an leagan amach ord insroichte a chur ar an leabhar agus cuireann dearadh Uí Fhlaithearta, go mór leis freisin.
'Bhí muid ag iarradh go mbeadh níos mó ann ná liosta sleachta - thug muid an t-ábhar don ealaíontóir agus d'iarr muid air freagra ealaíonta a thabhairt ar an saothar,' a dúirt Dillon.
'Bhí sé ag obair air sin ar feadh b'fhéidir ocht nó naoi mí agus tháinig sé chugainn le roinnt smaointe. Tá íomhá cruthaithe ag Seán de gach uile téama sa leabhar. Tá dearadh iontach forbartha ar an leabhar féin agus is dóigh liom, thar aon rud eile, go mbeidh an leabhar féin go hálainn le breathnú air,' a dúirt Dillon.
Mar a dúirt Dillon, 'tá scoláireacht, scríbhneoireacht, foclóireacht agus ealaín fite fuaite ina chéile sa leabhar seo.'
Foilseofar Dúchan ar an 17 Meitheamh. Tá sé ar fáil le réamhordú ón suíomh: ria.ie/duchan. Costas: €25
Orange background

Try Our AI Features

Explore what Daily8 AI can do for you:

Comments

No comments yet...

Related Articles

Handy tips for getting ready for back to school as Gaeilge
Handy tips for getting ready for back to school as Gaeilge

RTÉ News​

time2 days ago

  • RTÉ News​

Handy tips for getting ready for back to school as Gaeilge

Whether you're sending your little one to big school for the first time or they're returning after the summer break, here are some easy way to get use more Gaeilge at home to prepare for the seomra ranga. Small words make a big difference Introducing some Irish into daily life is a fun and easy way to ease the transition into learning Irish. If you're sending your child to a Gaelscoil, they'll be going into an Irish-only environment and if you're not, they'll be learning lots of Irish very soon so a head start is a help! Here are a few words often used in daily life. Maidin mhaith- Good morning Oíche mhaith- Good night Dinnéar- Dinner Go raibh maith agat- Thank you Le do thoil- Please Open up a new world through books Even if your child isn't reading or reading independently yet, there are some wonderful books as Gaeilge that could light up their lives. Adding a few books as Gaeilge or bilingual books into the night time routine is a lovely to get them used to how the language looks and sounds. You can find some excellent choices for children of all ages and levels of Irish here Your local library is another great treasure trove for books as Gaeilge. Cartoons and other content If your child enjoys cartoons, both RTÉJr and TG4 broadcast a huge amount of cartoons and tv shows for kids as Gaeilge. TG4 even has a dedicated channel to kids content called Cúla4. Mind your language Remind yourself that your kids mirror what they hear and see at home. Having a positive attitude towards the Irish language could make a big impact on how your child learns the language.

Laethanta Saoire: A Gaeltacht Summer, by Louise Hegarty
Laethanta Saoire: A Gaeltacht Summer, by Louise Hegarty

Irish Examiner

time04-08-2025

  • Irish Examiner

Laethanta Saoire: A Gaeltacht Summer, by Louise Hegarty

Meadhbh had decided from the beginning that she would be someone else here. When she had still been in primary school, Meadhbh came to the conclusion that she didn't like her own handwriting. Somehow it didn't feel like it reflected who she was, seemed like it might belong to someone else – so she changed it. She made a concerted effort to adopt a new handwriting style and by the end of the school year she just naturally wrote that way. Now, she feels like she could possibly change her personality in the same way. Through sheer force of will. She decided that this was her opportunity to play around with a new identity. She would be funny and brash. She would flirt and dance and act like she couldn't name the Minister for Finance if you put a gun to her head. She would be mysterious and loud and charming and bold. She wanted excitement. She wanted fun. She wanted all of these things. And then at the end of the summer she would return home, go back to school and just be herself again. During the day, Meadhbh is kept busy: getting up early each morning and having breakfast with the others before heading to whatever job she has been assigned to. They put her on the information desk for the first week where she smiled and handed over leaflets and vouchers and booked people on guided tours. It was easy work. The tourists are amiable and are all genuinely happy to be there. After that she was given work to do on one of the farms. It was much harder than the information desk, but she liked hard work, and she came to realise that she enjoyed physical labour. It was so much more rewarding than sitting and smiling all day. And because she didn't have to deal directly with tourists, it also meant she had plenty of space to think in peace. On those nights she would always fall into bed and be asleep within minutes. So efficient. No glare of LCD screen or screech of car brakes outside. Just serene sleep. *** Meadhbh is on her break, sitting at a picnic table under a canopy eating her free sandwich, and watching as a group of tourists wander past checking their maps for the thatched cottages and hay bales which remained intact all year round. It is the usual Gaeltacht fare here: ye olde style pubs, faux-stone cottages in expertly ruined condition, elderly men paid to sit on stone walls with pipes and caps and traditional music playing everywhere seemingly by magic but actually emanating from a state-of-the-art sound system. It might seem quite impressive if you don't notice the cracks and the PVC and the computerised holograms. If you didn't know you might think that this was what Ireland actually looked like. Louise Hegarty at the launch of her book Fair Play at Waterstones, Cork, earlier this year. Picture: David Creedon Meadhbh checks her watch. It is slightly past one o'clock and her shift at the pub will begin soon. She finishes the last bit of her sandwich and puts up her hood. It is raining lightly but then it rains all the time here. Apparently, the tourists liked the rain. It's what they expected so the authorities had purchased a special machine that caused clouds to converge and could create rain out of nothing. Tourists would hang around shivering in wellington boots, but you could see that they loved it really. A truly authentic experience. Every couple of days the machine would be switched off, the clouds would part, and the sun would shine brightly once more. Umbrellas would be lowered and raincoats discarded, and all the tourists would believe that it was just their good luck to get a spot of fine weather. She likes to arrive at the pub before anyone else - when the shutters are still down and the place is still and quiet. She begins to take down the chairs and stools, but she is distracted by a noise behind her. She turns and sees that is Cathal. He apologises for being late even though he isn't, asks how she is and begins to wipe down the bar and small tables. Cathal is charming and funny and easy-going. Meadhbh's instinct is to be a little shy around him, but she fights against that. She talks like she normally wouldn't: talks about herself, about her morning. She even makes a joke – she usually wouldn't take the risk at humour – and he laughs generously. He tells her that his dad had been eager for him to come to the Gaeltacht, that he had been here as a teenager and said it was the best summer of his life. As he talks, she watches him carefully, wishing she knew what he was thinking. Sometimes she thinks he might like her. When it is just the two of them, he is warm and complimentary. They get along well. And then other times, when they are with a large group, it is as though he is giving attention to everyone else in the room but her. It is opening time and so Cathal opens the shutters, allowing light to stream in and brighten the interiors. The place doesn't look half bad: the dark wood, the decorative bottles of beer and liquor. He then retrieves a small bottle - its label reads 'Authentic Irish Pub Smell' – which he sprays it liberally around the room. Meadhbh watches as the tiny spheres of liquid fall through the air and land on various surfaces. The first tourists arrive, and they start handing out pints of creamy black liquid. Their shift ends at six o'clock but later tonight the live session band will arrive, and the tourists will sing along to bowdlerised classics. Afterwards they will have the opportunity to buy a copy of the original recording and get their photograph taken with the band in exchange for a handful of punts. The tourists are good fun really. She never gets any hassle from them; they are always happy to be here. Once the pub closes, they will get back in their bus and will be brought back to their hotel singing into the bus driver's ear. Tomorrow morning, they will be given a choice of tours: a trip to a historic house, a visit to a battlefield or shopping in the local town. On the third day of the holiday, there is the choice of going hiking in the mountains or taking a donkey ride around the lake. And then on the fourth day they get back onto their bus and head off to their next destination. As the pub begins to fill up, Meadhbh feels the energy of the place take her over. She is having fun with the tourists playing a character: being fun and flirty. They are generous with their tips. Later, she will tell Cathal about the secret spot high up on the hill overlooking the village. She will ask him to join her there after their shift. And she will kiss him. She has just decided that. It won't be the beginning of some great love affair; it will be something inconsequential, light, fun. An adventure. A story. And it might be the beginning of something else. Louise Hegarty is a writer from Glanmire, Cork. Her debut novel Fair Play was published in March

‘Tá scéal le gach cloch agus scéal le gach teach'
‘Tá scéal le gach cloch agus scéal le gach teach'

Irish Times

time04-08-2025

  • Irish Times

‘Tá scéal le gach cloch agus scéal le gach teach'

Foclóir: géarchéim - crisis; bogadh - move; scéim tithíochta - housing scheme; úinéirí - owners; spéis - interest; Cléire - Cape Clear Island; iarrthóirí - applicants. Agus an ghéarchéim tithíochta náisiúnta fós gan réiteach tá pobal Oileán Chléire ag tabhairt faoi scéim nuálaíoch tithíochta chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Tá deis á tabhairt faoin scéim 'Croí Cónaithe' do theaghlaigh le Gaeilge bogadh go dtí an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil daonra seasmhach ann. Tá Comharchumann Chléire Teo – an t-eagras atá freagrach as an bpróiseas pleanála teanga ar an oileán Gaeltachta seo – ag obair le húinéirí tí ar an oileán chun tithe a chur ar fáil. READ MORE Cuirfear dhá theach ar fáil an mhí seo chugainn ar chíos íseal fadtéarmach do theaghlaigh le páistí bunscoile agus tabharfar tús áite do theaghlaigh óga a bhfuil Gaeilge acu. Táthar ag súil go gcuirfear dhá theach eile ar fáil roimh an Nollaig agus péire eile ina dhiaidh sin. 'Tá na tithe suite i suíomh lárnach ar an oileán – níl siad ach cúig nóiméad siúlóide ón scoil agus dhá nóiméad ón siopa,' a dúirt Ruairí Ó Donnabháin, atá ina Oifigeach Pleanála Teanga ar Chléire le ceithre bliana anuas. 'Tá an t-ádh linn go bhfuil na húinéirí sásta comhoibriú linn agus na tithe a chur ar fáil dúinn ar chíos íseal,' a dúirt sé. 'Is seantithe iad go léir – tithe stairiúla ar an oileán - tá scéal le gach cloch, agus scéal le gach teach!' 'An sprioc atá againn ná [líon] na gcainteoirí laethúla a mhéadú,' a dúirt sé. Fáilteofar roimh iarrthóirí le Gaeilge, ach má léiríonn iarrthóirí fonn an teanga a fhoghlaim, beidh fáilte rompu siúd freisin, a dúirt sé. 'Ón taithí atá againn tuigimid gur féidir le daoine ar spéis leo an teanga teacht agus Gaeilge a fhoghlaim.' Is sampla maith é a chás féin mar gur ar Chléire a d'fhoghlaim Ó Donnabháin a chuid Gaeilge. 'D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ó mo chomharsana béal dorais agus anois táim fostaithe agus ag obair trí mheán na Gaeilge go lánaimseartha,' a dúirt sé. Tá ana-shuim léirithe sa scéim go dtí seo, le hiarratais ag teacht isteach 'gach lá'. 'Tá suim léirithe ag daoine as iarthar Chorcaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta - an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc,' a dúirt Ó Donnabháin. 'Tá go leor Éireannach ina measc freisin atá ag iarraidh bogadh abhaile.' Ceann scríbe Is ceann scríbe é Oileán Chléire le fada an lá do chuairteoirí, d'ealaíontóirí, d'fhoghlaimeoirí Gaeilge agus do go leor eile ar spéis leo an suaimhneas, an dúlra agus an oidhreacht. I measc na rudaí a deir Ó Donnabháin a mheallann daoine tá 'an tírdhreach, suaimhneas an oileáin, pobal oscailte le gach saghas duine ann, an drámaíocht, agus ar ndóigh an teanga.' Níl Oileán Chléire ach trí mhíle ar fhaid agus míle amháin ar leithne. Tá thart ar 8 míle idir Cléire agus an mhórthír, agus caithfear dul ar bhád farantóireachta leis an aistear sin a dhéanamh. Céim mhór a bheadh ann mar sin do theaghlach ar bith bogadh amach ón mórthír. Ceist amháin a chuirfidh tuismitheoirí agus iad ag machnamh ar chéim mar sin a ghlacadh ná cé chomh mealltach is atá saol an oileáin? 'Is amhail le seomra mór ranga é an t-oileán do pháistí agus iad amuigh ar an trá nó ag siúl sna coillte,' a dúirt Ó Donnabháin. 'Ní saol ciúin atá ann, ach is saol draíochtúil é i mo thuairimse.' Bíonn gasraí agus cumainn gníomhach ar feadh na bliana, agus reáchtáiltear imeachtaí teanga agus cultúrtha go tráthrialta faoi Phlean Teanga Chléire. 'Tá scoil amháin ar an oileán, Scoil Náisiúnta Oileán Chléire, nach bhfuil ach nóiméad ón trá. Scoil Ghaeltachta atá ann le foireann breá óg atá lán le fuinneamh.' 'Tá siopa grósaera againn, Bialann Seán Rua, agus dhá theach tábhairne. Tá Club Chléire againn freisin - sin ár gclub sóisialta - agus Coláiste Phobal Chléire. Tá halla mór sa choláiste le trealamh aclaíochta, agus reáchtáiltear scannáin, seisiúin cheoil, ranganna Gaeilge agus imeachtaí éagsúla ann gach lá.' 'Tá teach allais nua oscailte anois agus tá daoine ag súil leis sin - saol iarthar Chorcaí atá ar fáil againn freisin.' 'Bíonn daoine gnóthach ar Chléire,' a dúirt sé. Beatha Oileánach Seoladh an straitéis rialtais 'Ár nOileáin Bheo', a bhfuil Croí Cónaithe mar chuid di, in 2023. Luaitear 80 gníomh i bplean gníomhaíochta na straitéise, ina measc infreastruchtúr tithíochta agus uisce a fhorbairt, seirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais a fheabhsú, agus leathanbhanda ardluais a chur ar fáil. 'Tá leabharlann nua-oscailte againn chomh maith le G-Tech - ionad teicneolaíochta a chuireann ceangail leathanbhanda iontach láidir ar fáil.' 'Tá an acmhainn sin an-áisiúil,' a dúirt Ó Donnabháin, a rugadh agus a tógadh i gCathair Chorcaigh. 'Nuair a bhog mé go Cléire ar dtús, ní raibh fáil ar nasc idirlín ach i roinnt áiteanna, agus bhí orm mo ghuthán a chrochadh i mála ón líne taobh amuigh chun an nasc a fháil.' 'Ach anois tá 5G againn i ngach áit, agus is féidir le daoine obair a dhéanamh ón mbaile nó ón G-Tech.' Cé go bhfuil na háiseanna cuí ann do dhaoine ar mian leo cianobair a dhéanamh, cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil scileanna eile acu. 'Má tá daoine ann a bhíonn ag tógáil, atá go maith le cúrsaí athchóirithe, nó adhmadóireacht, nó má tá scileanna mar sin acu, bheadh fáilte rompu siúd freisin,' a dúirt Ó Donnabháin. De réir an daonáirimh, bhí 110 duine ina gcónaí ar an oileán in 2022, ach tá méadú tagtha air ó shin. 'Tháinig seisear déag faoi bhun 50 bliain d'aois go hOileán Chléire le deireanas, rud a chuireann go mór leis an saol laethúil,' a dúirt Ó Donnabháin. Tá muintearas an phobail láidir ar an oileán agus tá nós na meithleacha fós beo ann. Tagann daoine le chéile, iad ag cuidiú agus ag comhoibriú lena chéile chun comhobair a chur i gcrích. 'Pobal beag láidir atá ar Chléire,' a dúirt Ó Donnabháin. 'Táimid an-dearfach agus dóchasach.' 'Sin an fáth go bhfuil an feachtas seo ar bun againn agus go bhfuil an pobal ag déanamh athchóiriú ar na tithe chun teaghlaigh nua a mhealladh isteach.' 'Tá an pobal ag obair ar a son féin agus ar son an oileáin. Tá siad ag cur lámh le hobair seachas an lámh a shíneadh amach,' a dúirt sé. Tithe saoire Tráth dá raibh, bhí níos mó ná míle duine ina gcónaí ar an oileán. Tháinig titim mhór air sin de bharr an Ghorta agus na heisimirce a leann. Fearacht go leor ceantair Ghaeltachta, fágann an titim sin go bhfuil roinnt mhaith tithe saoire ar an oileán. 'Is trua mór é,' a dúirt Ó Donnabháin. Ach mar sin féin, bíonn ceangal ag go leor cuairteoirí leis an oileán chomh maith leo sin atá ina gcónaí ann. 'Is rud mór [iad na tithe saoire] don séasúr turasóireachta, go háirithe ar oileán agus is [le] comharsana iad go minic, nó teaghlaigh níos leithne de chuid phobal an oileáin. Agus, leis an ardú a tháinig le cúpla bliain anuas ar líon na ndaoine atá ina gcónaí ann, tá dóchas le brath. 'Nuair a osclaím an doras san oíche sa gheimhreadh, feicim go mbíonn níos mó soilse lasta. Tá feabhas ag teacht, tá muid ag obair air agus tá muid dóchasach.' Breis eolais: cleirenua@ agus

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store